Cuileog láidir ribeach is ea an bhoiteog, a bhfuil a larbhaí seadánach faoin gcraiceann i mamaigh, ag ithe na sreabhán a úscann amach as na fíocháin. Tochlaíonn na larbhaí aibí amach tríd an gcraiceann agus pupaíonn ar an talamh. Beireann an bhoiteog chaorach (Oestrus ovis) a huibheacha i bpolláirí na caorach, mar shampla. Tá 150 speiceas de bhoiteoga ann i bhfine na nOestridae, eatarthu na péirseoga.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBoiteog
Oestridae Cuir in eagar ar Wikidata
Horse Botfly Imago.png
Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
RangInsecta
OrdDiptera
ForfhineOestroidea
FineOestridae Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1815