Boris Becker

imreoir leadóige Gearmánach

Iar-imreoir leadóige is ea Boris Franz Becker. Rugadh i Leimen, an Ghearmáin é ar an 22 Samhain 1967.

Infotaula de personaBoris Becker

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Boris Franz Becker
22 Samhain 1967
56 bliana d'aois
Leimen, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síHelmholtz-Gymnasium Heidelberg (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSchwyz
München
Wimbledon
Zürich
Meáchan100 kg
Airde190 cm Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Gairmimreoir leadóige (1984–1999), imreoir fichille, tráchtaire spóirt, duine den lucht gnó, imreoir pócair Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1984 –  25 Meitheamh 1999
TeangachaBéarla agus an Ghearmáinis
Glanfhiúchas25,080,956 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtan Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtleadóg Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtleadóg singil
leadóg dúbailte Cuir in eagar ar Wikidata
Lámh imearthadeasógacht
Módúlacht Cluiche leadóige enllaç=enllaç= enllaç= Sáriarracht phearsanta
Leadóg singil 713–87654467 Cuir in eagar ar Wikidata  49 Cuir in eagar ar Wikidata 1 (1991)
Leadóg dúbailte 254–136 Cuir in eagar ar Wikidata 15 Cuir in eagar ar Wikidata 6 (2001)
Hall of fame Cárta HOF Cuir in eagar ar Wikidata
ATP Info ATP Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
1985-1989 Germany Davis Cup team (en) Aistrigh
1991-1995 Germany Davis Cup team (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1992tennis at the 1992 Summer Olympics – men's doubles (en) Aistrigh  (bonn óir Oilimpeach) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CéileBarbara Becker (en) Aistrigh (1993–2001)
Lilly Becker (2009–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSabrina Setlur
Heydi Núñez Gómez
Alessandra Meyer-Wölden (2008–2008) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnna Ermakova
 ( ) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh itax noncompliance (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
21 Meitheamh 2017insolvency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinborisbecker.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0004732 Allocine: 36476
Facebook: BorisBeckerOfficial Musicbrainz: a8483863-1d4b-45ac-80b9-65e8b086e443 Discogs: 2965427 Olympic.org: boris-becker Cuir in eagar ar Wikidata
Boris Becker, 1994
1994

Iar-uimhir a haon ar domhan ab ea Becker, agus duine de na himreoirí ab fhearr riamh a lasc liathróid 'Slazenger' ar chúirt leadóige.[1] Bhuaigh sé Comórtas Wimbledon trí huaire.

2010

Gairm cuir in eagar

1985 cuir in eagar

Strapaire fir a bhí ann, gan ag Becker ach aois buachalla scoile (in aois 17 bliain dó) nuair a tharraing sé aird an domhain air féin ar an bplásóg cháiliúil féir sin in iardheisceart Londain don chéad uair sa bhliain 1985.[2]

 
'Boris Becker, 2018

Rinneadh stair ar an An Domhnach, 7 Iúil 1985 mar gurbh é Boris Becker an t-imreoir ab óige riamh le Craobh Wimbledon a chrochadh leis. Chloígh Becker an fear ón Afraic Theas a raibh an-bharúil dó, Kevin Curren sa chluiche ceannais. bhuaigh sé 6-3,6-7,7-6,6-4 agus é £130,000 níos saibhre dá bharr.[2]

Gairm cuir in eagar

Bhuaigh Becker Wimbledon arís i 1986 agus don uair dheiridh i 1989. Bhuaigh sé trí mhórchomórtas leadóige eile agus Bonn Óir Oilimpeach.

Díol suntais ab ea an luas a chuirfeadh sé faoi liathróid le linn a chuid seirbheála, go minic é sa bhreis ar 210 km san uair.[2]

 
'Boris Becker, 2019

Thabharfá suntas freisin dá shlacht, dá airde, dá ghuaillí, dá lúthchleasaíocht agus dá ghluaiseacht coirp.

Cuimhneofar freisin ar shearradh fisiciúil na colainne agus é á chaitheamh féin trasna na cúirte geall leis le go mbéarfadh a raicéad ar liathróid a shílfeá a bhí ag imeacht uaidh go dtí an nóiméad deireanach.

Ba mhaith ann an 'Becker Hecht' agus an leasainm 'Baron Von Slam' an eangaigh tuillte go maith aige.[2]

Conspóidí cuir in eagar

Banaí a bhí ann agus bhí sé báite i scannail ghnéis. Chuir mná go speisialta spéis sa bhfolt breá fionn gruaige sin, an 'Strawberry Blonde' agus a chloigeann cromtha ag Becker ag fáil faoi réir do choimhlint na cúirte.v

Cionta coiriúla cuir in eagar

2002 cuir in eagar

An oiread lena chaidreamh le mná, is ar éigin a raibh Becker mórán ní ab fhearr lena chuid airgid. Gach ar thuill sé (breis is $25m a deirtear) i gcaitheamh a chuid imeartha, ceaptar gur beag más tada é a bhí fágtha aige sna 2000idí.

Bhí an t-ádh air sa bhliain 2002 nach ndeachaigh sé i bpríosún nuair a dhaor Cúirt i Munich sa Ghearmáin é i seachaint chánach. Bhí 2 bhliain gearrtha air an tráth sin i 2002 ach níor chaith sé lá sa phríosún, fíneáil €500,000 buailte air ina áit.[2]

2015 cuir in eagar

I 2015 tugadh Becker chun cúirte; banc príobháideach a bhí i gceist agus é ráite aige go raibh £14m dlite dó ó Becker.

2022 cuir in eagar

Sa bhliain 2022, bhí téarma príosúin 2.5 bliain gearrtha ar Becker as a chuid téarmaí féimheachta a shárú. Cuireadh é chun príosún ar feadh 2.5 bliain inniu ag Cúirt Chorónach Southwark i Londain ó fuarthas ciontach é i gcúiseanna a bhain lena féimheacht sa bhliain 2017.[1]

Ciontaíodh Boris Becker in iasacht bainc luach €825,000 a choimeád i bhfolach chomh maith le scaireanna luach 75,000 i gcomhlacht teicneolaíochta. Bhain an cás in aghaidh an iar-réalt leadóige leis an gcúis nár nochtaigh sé go hiomlán a chuid sócmhainní, nuair a fógraíodh bancbhriste an fear i 2017.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-04-29). "Téarma Príosúin 2.5 bliain gearrtha ar Boris Becker" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 RTÉ Nuacht (2022-04-30). "Príosún faighte ag Becker:Nach mór an t-athrú ar an saol é" (as ga).