Brúchtadh Sundhnúkur, 2023

Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn i rith mhí na Nollag 2023, agus bhrúcht bolcán nua san áit ar 18 Nollaig 2023, i Sundhnúkur in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes san Íoslainn.[1] Lean an brúchtadh go dtí an 21 Nollaig.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBrúchtadh Sundhnúkur, 2023
Íomhá
Map
 63°52′45″N 22°23′14″W / 63.8792°N 22.3872°W / 63.8792; -22.3872
Cineálbrúchtadh bolcáin Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósSundhnúkagígar (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 - 21 Nollaig 2023
SuíomhReykjanes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Grindavíkurbær, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éis na mílte crith talún. Bhí gach duine de mhuintir Grindavik bogtha amach as an gceantar cheana.

Toisc nach raibh an bolcán nua faoi oighearshruth, ní raibh baol ann go nginfidh Sundhnúkur scamall mór luatha.

Cúlra cuir in eagar

Is minic a chuir brúchtaí bolcáin san Íoslainn isteach ar Éirinn san am atá thart, ó thagairtí do “shneachta nimhneach” sna hAnnála, go 2010 nuair a phléasc an bolcán Eyjafjallajökull agus chuir a scamall luatha stop le haerthaisteal ar feadh breis agus seachtain.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (23 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-24.