Bran agus Sceólang

Cúnna Fhionn mhic Cumhaill

San Fhiannaíocht i miotaseolaíocht na nGael, cúnna Fhionn mhic Cumhaill ba ea Bran agus Sceólang (Fiach Dubh[1] agus Scéalaí[2]). Is firinscneach é Bran agus baininscneach í Sceólang.[3]

Rinneadh cú d'Uirne, máthair na beirte, agus í torrach.[4] Athróidh Uirne ar ais go riocht daonna tar éis di na caoláin a thabhairt ar an saol, agus bhí Bran agus Sceólang ina gcúnna ar feadh a saolta.[5] Óir go deirfiúr le Muirne máthair Fhionn í Uirne, a dó is a dó le chéile a bhí Bran and Sceólang, agus a máistir.[6]

Feictear na cúnna ar feadh na Fiannaíochta. Insítear go raibh siad go formhór bán, le leis corcra, eireabaill chorcairdhearga, cosa gorma, agus chomh hard le gualainn Fhionn.[7] Agus Fionn i mbun seilge, bhíodh Bran i gcónaí i dteannta leis.[8] Dar le seanscéal, ba iadsan a tháinig ar Oisín mac Fhionn ar fáin lomnocht san fhoraois.[9]

Insítear go bhfuair Sceólang bás ag 'Fiach Ghleann an Smólaigh', ar tóir eilite bánduibhe. Chuir Bran lámh ina bhás féin de bhá, tar éis d'Fhionn buille tobann a thabhairt dó.[10]