Bran mac Faoláin

rí Éireannach
(Athsheolta ó Bran mac Fáeláin)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Bran mac Faoláin (Sean-Ghaeilge Bran mac Fáeláin) (bás 838). Fíonsneachta Ceathairdheach mac Ceallaigh (bás 808) ba ea a uncail, agus Ceannach mac Dúnchadha (bás 776), a sheanathair, iar-ríthe beirt.[1] Bhí a athair ina abb Cill Dara. Bhí Bran i gcoróin ón mbliain 835 go dtí 838.

Infotaula de personaBran mac Faoláin
Beathaisnéis
Bás838
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMuireadhach mac Brain, Ruarc mac Brain Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaFíonsneachta Ceathairdheach (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Ceallach mac Brain (bás 834), réamhtheachtaí Bhrain, ina comhghuaillí rí na Mumhan, Feilimí mac Criomhthainn (bás 847). Insítearr sna hannála gur tháinig an tArdrí, Niall Caille de Chineál Eoghain i gceannas airm sa Laigin isteach sa bhliain 835 agus chuir sé Bran i gcoróin.[2] Tá leath-rí luaite sna hannála, a chol ceathrar Riacán mac Fínsnechtai, a d'éag sa bhliain 837.[3]

Rinne na Lochlannaigh ruathair ar na Laigin le linn réimeas Bhrain. Sa bhliain 837, tháinig seasca long suas an Life agus rinne creach ar na machairí mórthimpeall.[4]

Bhí mic Bhrain, Muireadach (bás 885) agus Ruarc (bás 862), ina ríthe Laigean fosta.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 9, le corrigenda, lch. xxiv
  2. Annála Uladh, AU 835.1
  3. AU 837.2
  4. AU 837.3