Muireadhach mac Brain

rí Éireannach
(Athsheolta ó Muiredach mac Brain)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Muireadhach mac Brain (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Brain) Uí Dhúnchadha (bás 885). Bran mac Fáeláin (bás 838) ba ea a athair, agus Ruarc (bás 862) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1][2]

Infotaula de personaMuireadhach mac Brain
Beathaisnéis
Bás885
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFaolán mac Muireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBran mac Faoláin

Is doiléir iad na ríliostaí Laighneacha sa tréimhse seo. Molann Francis John Byrne gurb í cúis an mhearbhaill seo ná gur lag a bhí ríthe Uí Dhúnlainge ag an am de bharr cumhacht a gcomharsan, Cearbhall mac Dunlaing (bás 888), rí na nOsraí, cé nach ndearna rí Laigean de féin riamh.[3]

Feictear Muireadhach don chéad uair sna hannála faoin mbliain 870. Rinne an tArdrí, Aodh Fionnliath (bás 879), ionradh ar na Laigin agus ghabh sé forlámhas ar an tír. An dá linn, rinne a chomhghuaillí Cearbhall mac Dúnlainge (bás 888), rí Osraí, ionradh ar na Laigin ón iarthar. Shroich sé Dún Bolg (Dún Buaice, Contae Chill Mhantáin) áit a rinne na Laigin ionsaí air. Bhí an lámh in uachtar acusan ar dtús, ach cuireadh an ruaig orthu le frithionsaí. Muireadhach an té atá luaite mar ceannaire agus rí na Laigean.[4] D'éirigh leis an fhrithbheartaíocht seo cosc a chur ar an Ardrí gialla Laighneacha a ghabháil.[5]

Sa bhliain 871, maraíodh rí Ailill mac Dúnlainge ag Lochlannaigh Átha Cliath. Ina thásc tugadh an teideal rí Laigean dó, don chéad uair ón mbliain 838. Deirtear sna hannála go ndearnadh rí de Dhomhnall mac Muireacáin (bás 884) sa bhliain 880. Idir an dá linn, sa bhliain 874, rinne an tArdrí Aodh Fionnliath ionradh ar na Laigin, ag iarraidh smacht a chur orthu. Rinne sé creach ann agus dhóigh sé eaglaisí, Cell Ausili (Cill Uasaille, gar den Nás) san áireamh.[6] Bhain Muireadhach díoltas amach an bhliain dár gcionn. Rinne sé ionsaí ar thailte Uí Néill an Deiscirt. Scrios sé an tír chomh fada le Sliabh Monduirn i mBreá.[7]

Fuair Domhnall bás sa bhliain in 884 agus d'éirigh Muireadhach ansin go dearfach ina rí. Tugadh an teideal rí Laigean dó ina thásc sna hannála.[8]

Abb Chill Dara fosta ba ea Muireadhach, i gcomharbacht ar a ghaol, Cobhthach mac Muireadhaigh, sa bhliain 870. Bhí an abacht seo faoi chlann Uí Dhúnchadha amháin ón mbliain 798. Easpag Chill Dara ba ea gaol eile leis, Suibhne Ó Fíonsneachta, idir 875-881.[9] Rinneadh rí Laigean freisin dá mhac, Faolán (bás 942).

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 9
  2. Ó Corráin, lch. 185
  3. Byrne, lch. 163
  4. Annála Uladh, AU 870.2
  5. Annála Easpacha na hÉireann, FA 387
  6. AU 874.4
  7. AU 875.2
  8. AU 885.9
  9. Byrne, A New History of Ireland, Imleabhar I, lch. 674