Bran mac Faoláin
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Bran mac Faoláin (Sean-Ghaeilge Bran mac Fáeláin) (bás 838). Fíonsneachta Ceathairdheach mac Ceallaigh (bás 808) ba ea a uncail, agus Ceannach mac Dúnchadha (bás 776), a sheanathair, iar-ríthe beirt.[1] Bhí a athair ina abb Cill Dara. Bhí Bran i gcoróin ón mbliain 835 go dtí 838.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 838 |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnchadha |
Páiste | Muireadhach mac Brain, Ruarc mac Brain |
Duine muinteartha | Fíonsneachta Ceathairdheach (uncail) |
Bhí Ceallach mac Brain (bás 834), réamhtheachtaí Bhrain, ina comhghuaillí rí na Mumhan, Feilimí mac Criomhthainn (bás 847). Insítearr sna hannála gur tháinig an tArdrí, Niall Caille de Chineál Eoghain i gceannas airm sa Laigin isteach sa bhliain 835 agus chuir sé Bran i gcoróin.[2] Tá leath-rí luaite sna hannála, a chol ceathrar Riacán mac Fínsnechtai, a d'éag sa bhliain 837.[3]
Rinne na Lochlannaigh ruathair ar na Laigin le linn réimeas Bhrain. Sa bhliain 837, tháinig seasca long suas an Life agus rinne creach ar na machairí mórthimpeall.[4]
Bhí mic Bhrain, Muireadach (bás 885) agus Ruarc (bás 862), ina ríthe Laigean fosta.
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, G100001A
- Leabhar Laighneach, Rig Lagen, G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 9, le corrigenda, lch. xxiv
- ↑ Annála Uladh, AU 835.1
- ↑ AU 837.2
- ↑ AU 837.3