Faolán mac Muireadhaigh
rí na Laighean
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Faolán mac Muireadhaigh (Sean-Ghaeilge Fáelán mac Muiredaig) (bás 942). Ba bhall de chlann Uí Dhúnchadha é. Muiredach mac Brain (bás 885) iar-rí, ba ea a athair.[1].
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 942 |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhúnchadha |
Páiste | Lorcán mac Faoláin, Ceallach mac Faoláin |
Athair | Muireadhach mac Brain |
Tháinig Faolán i gcoróin i gcomharbacht ar Augaire mac Ailealla, ball den chlann iomaíochta, Uí Mhuireadhaigh. Bhí réimeas sách fada aige idir na blianta 917 agus 942, ach ní fheictear ach go hannamh é sna hannála Éireann, le fírinne ach uair amháin faoin teideal rí Laighen don bhliain 923.[2]
Tar éis a bháis, tháinig a mhac is sine Lorcán i gcomharbacht air, ach ní raibh ach réimeas aon bhliain aige (942-943). Rinneadh rí Laigean dá mhac is óige Cellach mac Fáeláin níos deireanaí.[3]
Féach freisin cuir in eagar
Foinsí cuir in eagar
- Leabhar Laighneach, Rig Laigin
- "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists" (2011): 134 & 200 Kings of Leinster to 1171.
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings".
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Byrne, lch. 289, Tábla 9
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M923.6
- ↑ Moody, et al., A New History of Ireland,ll. 134 & 200.