Breandán Ó Doibhlin

scoláire Éireannach

Is urscéalaí, drámadóir, criticeoir, agus ollamh Éireannach é Breandán Ó Doibhlin. Rugadh é i dTír Eoghain i 1931. Bhí sé ina Ollamh le Fraincis i Maigh Nuad agus bhí an-bhaint aige le scoil chritice nua sa Ghaeilge. Néal Maidine agus Tine Oíche (1964) agus An Branar gan Cur (1979) na saothair is cáiliúla dá chuid.

Is ceannródaí i gcritic na Gaeilge é Breandán Ó Doibhlin.[1] Bhunaigh sé Scoil Chritice Mhá Nuad, a chuir corr i gcinniúint léirmheastóireacht litríocht na Gaeilge.[2]

SaolCuir in Eagar

 
Bhí an Doibhlineach ina Uachtarán ar Choláiste na nÉireannach i bPáras.

Rugadh Breandán Ó Doibhlin i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1931, agus d’fhreastail sé ar Choláiste Cholmcille i nDoire.  Fuair Ó Doibhlin oiliúint mar shagart i gColáiste Phádraig Mhá Nuad agus sa Róimh.  Tar éis dó iar-chéimeanna a chur i gcrích i bPáras agus i mBaile Átha Cliath, ceapadh mar Ollamh le Fraincis é i gColáiste Phádraig Mhá Nuad.

Bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste na nÉireannach i bPáras.

Chevalier de l’Ordre National du Mérite agus Commandeur de la Légion d’Honneur atá ann de thairbhe a chuid oibre ar mhaithe le coibhneas cultúir na hÉireann agus na Fraince.[3]

LitríochtCuir in Eagar

Fáisceadh Scoil Chritice Mhá Nuad as an tuiscint a fuair Ó Doibhlin nuair a scríobh sé a chéad úrscéal, Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), nach raibh treoir leitheoireachta nó scoil chritice ar bith ann don Ghaeilge.  Chonacthas don Doibhlinneach gur chuir sé sin bac ar leitheoirí litríocht na Gaeilge.

 
Fabhalscéalta la Fontaine

Bhí an Doibhlineach ina eagarthóir agus aistritheoir le tiontú Gaeilge Chaiticiosma na Vatacáine.

Bhunaigh sé an Scoil Chritice Mhá Nuad sna seascaidí in éineacht le scoláirí agus sagairt a bhí i Má Nuad.  Thuill an scoil aitheantas mar acmhainn tábhachtach léirmheastóireachta.  Breathnaigh ar an ghearrthóg seo ina labhraíonn Breandán Ó Doibhlin faoina shaothar féin agus faoi Scoil Chritic Mhá Nuad.

Níos déanaí, scríobh sé An Branar gan Cur (1979), Aistí Critice agus Cultúir, Iníon Mhaor an Uachta, Gargantua, Manuail de Litríocht na Gaeilge Iml 1-5, srl.

D'aistrigh sé cuid mhór ábhair ón Fhraincis go Gaeilge, ina measc saothar le Rabelais agus La Fontaine[4].

Tháinig Festschrift amach i 1996-1997, Féilscríbhinn an Doibhlinigh san Irisleabhar Mhá Nuad (383 lch).

SaotharCuir in Eagar

Aistí Critice agus Cultúir,

An Branar gan Cur (1979)

Fabhalscéalta La Fontaine, Breandán Ó Doibhlin a d’aistrigh, Coiscéim, 1997.

Gargantua

Iníon Mhaor an Uachta

Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 1 - Ar imeall an Choncais, 1500 ar aghaidh[5]

Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 2

Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 3

Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 4

Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil 5

Néal Maidine agus Tine Oíche (1964)

srl srl

TagairtíCuir in Eagar

  1. "BBC - Irish - Breandán Ó Doibhlin" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  2. BBC (2007). "Breandán Ó Doibhlin, a shaothar fein,2009,BBC,Má Nuad,Ollamh,Maynooth,Irish,literature". Dáta rochtana: 2020.
  3. Patsy McGarry. "Legion d'Honneur for monsignor" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  4. Jean de La Fontaine, Breandán Ó Doibhlin (1997). "Fabhalscéalta La Fontaine" (in Irish). Baile Átha Cliath: Coiscéim. 
  5. "Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2020-04-13.