Teideal níos deireanaí de dhréacht dlí de chuid an Fhéineachais, a théann siar go dtí an t-ochtú haois, is ea Breith Neimhidh Déanach (Sean-Ghaeilge Bretha Nemed Déidenach).

Stair cuir in eagar

Ar ceann de dhá dhréacht as an scoil dlí Bretha Nemed is ea Bretha Nemed Déidenach, a chumadh a mheastar sa Mumhain go luath san ochtú haois. Tá an t-aon cóip amháin atá ar maidin fud caomhnaithe mar chuid den lámhscríbhinn Coláiste na Tríonóide, Áth Cliath LS 1317, H.2.15B. Thrascríobh Dubhaltach Mac Firbhisigh an téacs. Tá téacs eile gaolmhar, Bretha Nemed Toísech, (Breith Neimhidh Taoiseach), caomhnaithe sa lámhscríbhinn British Library MS Nero A 7.

Tá ann i mBretha Nemed Déidenach sleachta as saothair maidir le filí agus baird, i dteannta le haltanna ar altramas, urraí, gealltanais agus dlí talún. Tá an-chuid den téacs scríofa as an stíl uamach rosc den tSean-Ghaeilge, agus tá bearnaí ann. De bharr deacracht na teangan, níl aistriúchán den téacs le fáil.

Ní fios cá bhfuair Mac Firbhisigh a fhoinse, nó fós cathain ní cá hait a rinne sé a chuid oibre. Scríobhadh téacs eile sa LS céanna – Dúil Laithne – ag Baile Mhic Aogáin, Contae Thiobraid Árann, ar an 5ú Bealtaine 1643. Más fíor, b'fhéidir é gur scríobhadh an Déidenach le linn an ama sin.

Féach freisin cuir in eagar

Eagráin cuir in eagar

  • "Corpus Iuris Hibernici" (1978): 603.16–604.38 (excerpts in H 3.18); 725.7–726.20 (H 3.18); 1111.1–1138.37 (MS 1317); 2342.16–2343.21. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.  Eagrán dioplómaitiúil.
  • "An Old Irish Tract on the Privileges and Responsibilities of Poets" (1942). Ériu 13: 1–60, 220–36.  Eagrán criticiúil.

Foinsí cuir in eagar

  • Breathnach, Liam. "Canon Law and Secular Law in Early Ireland: The Significance of Bretha Nemed." Peritia 3 (1984): 439–59.
  • Glossary of Early Irish Law, 45, 47, 51 n. 104, 64 n. 198, 67, 78, 116, 137, 138, 147, 162, 170 n. 93, 235
  • Ó Muraíle, Nollaig. The Celebrated Antiquary. Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c. 1600–1671). Maigh Nuad: An Sagart, 1996, ll. 83–6.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar