Brian Ó Broin

scoláire Éireannach

Ollamh le teangeolaíocht, le litríocht mheánaoiseach agus le léann Éireannach in Ollscoil William Paterson, Nua-Gheirsí, is ea Brian Ó Broin. Gaillimheach é a fuair oideachas i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus a rinne staidéar iarchéime i gCorcaigh, sa Ghearmáin, agus sna Stáit Aontaithe.Tá mórán alt foilsithe aige in irisí acadúla agus eile, agus tá suim ar leith aige san athruithe atá ag teacht ar an nGaeilge i dtimpeallacht chathrach na hÉireann. Is iomaí páipéar atá léite aige ag comhdhálacha ar fud an domhain.[1]

Infotaula de personaBrian Ó Broin
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht, litríocht mheánaoiseach agus léann Ceilteach
Gairmmúinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata

Ghnóthaigh sé an chéad duais mar chomhscríbhneoir an dráma Na hEorpaigh san Oireachtas i Mí Dheireadh Fómhair 2001. D’fhoilsigh sé dhá dhán ("Filleadh na nÉan" agus "Cogadh na nAdharcán") in Comhar i Mí Aibreáin 1991. Bronnadh an chéad duais ar úrscéal leis, An Eachtra ar Oileán na Rún, san Oireachtais i 2015.[2]

Tá Ó Broin ar na scoláirí is mó a dhírigh aire ar na saintréithe a bhaineann le Gaeilge chathrach na hÉireann sa saol atá inniu ann. Is é a thuairim go bhfuil mais chriticiúil Gaeilgeoirí ann anois, ach go bhfuil maolú ag teacht ar roinnt airíonna fóineolaíocha de chuid na teanga, is é sin séimhiú, urú, déadaigh chaola, cuimiltigh choguasacha, cuimiltigh charballacha agus comhréir. Maíonn sé gur léir go bhfuil deighilt shuntasach anois idir Gaeilge uirbeach agus canúintí na Gaeltachta agus go mb’fhéidir go ndéanfaí criól den teanga sna cathracha.[3]

In alt ar Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 tá an méid seo le rá aige:

Tá cónaí ar líon substaintiúil cainteoirí laethúla Gaeilge i mórcheantar chathair Bhaile Átha Cliath agus sa limistéar máguaird. Baineann tábhacht mhór shiombalach, do mhuintir na hÉireann agus do chuairteoirí a thagann go Baile Átha Cliath i mbun gnó nó mar chuairteoirí, leis an nGaeilge a bheith ar an láthair sa phríomhchathair. Ba chóir do na húdaráis chathrach agus chontae fís teanga a fhorbairt chun an phríomhchathair a chur chun cinn mar chathair dhátheangach nua-aimseartha…[4]

Páipéir agus ailt faoin nGaeilge uirbeach cuir in eagar

"Urban Irish Systematically Analyzed - Dialect? Pidgin? Creole?" 11th September, 2010. The 6th Celtic Linguistics Conference [CLC6], Baile Átha Cliath.

"Urban Irish Systematically Analyzed from a Linguistic Perspective" Graduate Studies Symposium, Ollscoil Uladh, Béal Feirste. Mí Mhárta 2010.

"Urban Irish - A New Dialect Being Spoken in Irish Cities?" McCracken Cultural Society, Béal Feirste. Mí Mhárta 2010.

"An Straitéis 20 Bliain agus Cainteoirí Neamhghaeltachta," (Feasta 63.10, Deireadh Fómhair 2010, 26-27)

"Schism fears for Gaeilgeoirí" (The Irish Times, 16 Eanáir 2010, Weekend Review, 6).

Rogha alt cuir in eagar

"Siombalachas, Fíorú, agus Teoiric in “Idir Shúgradh agus Dáiríre le Máirtín Ó Cadhain". New Hibernia Review 15 (2011).

"The Irish Language Researcher". Proceedings of the First New Jersey Irish History Symposium, 2011.

"Using Northern Irish Teaching Strategies with North American Evening Class Students of Irish". Journal of Celtic Language Learning 15 (2011). 175-210.

Ní hionadh go bpósann ár gcuid clainne eiricigh agus Blacks. Racism and Xenophobia in Máirtín Ó Cadhain's Cré na Cille." Studies: An Irish Quarterly Review 97 (2008). 275-285.

"Old Irish *desgabál and the Concept of Ascension in Early Irish Texts." Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 2003. 249-256.

"Narratological Theory and the Apparently Anonymous Narrator of Máirtín Ó Cadhain's Cré na Cille. Irish University Review (Fall 2006). 280-303.

"Some Ascension Motifs in the Early Irish Saints' Lives." Eolas: Journal of the American Society of Irish Medieval Studies (2006). 97-118.

Nótaí cuir in eagar

  1. http://wpunj.academia.edu/BrianOBroin
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-07. Dáta rochtana: 2016-01-24.
  3. Brian Ó Broin, ’Schism fears for Gaeilgeoirí,’ Irish Times, 16 Eanáir 2010: http://www.irishtimes.com/life-and-style/people/schism-fears-for-gaeilgeoir%C3%AD-1.1269494 : ‘When presenters with so-called “school Irish” came on the radio, my Gaeltacht friends say they tend to tune out, finding the Irish unpleasant, or difficult to understand. They tolerate much of TG4’s output, but grimace or change channels when city speakers come on. As for the hordes of Irish-speaking teenagers and parents who descend on the Gaeltacht during the summer months, they absolutely prefer to speak English with them. They say that the city folks’ Irish is simply too strange’.
  4. "An Straitéis 20 Bliain agus Cainteoirí Neamhghaeltachta," (Feasta 63.10, Deireadh Fómhair 2010, 26-27).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • “The Urban Irish Language Community” (caint) [1]