Is slabhra de chúig shiopa ilranna Éireannacha é Brown Thomas & Company Limited, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Lár Bhaile Dhún Droma. Is cuid de Ghrúpa Selfridges é Brown Thomas, is slabhra ón uasmhargadh é Brown Thomas cosúil le Selfridges de chuid an Bhreataine agus De Bijenkorf ón Ísiltír, a bhí i muintir na Weston's roimhe seo.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaBrown Thomas
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1848
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinbrownthomas.com Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

 
Brown Thomas sa bhliain 1887

D’oscail Hugh Brown an siopa i mBaile Átha Cliath ag 16 Sráid Grafton sa bhliain 1848. An bhliain dár gcionn, le James Thomas, leathnaigh Brown an siopa isteach go dtí Uimh.17. I lár na 1850idí, bhí uimhir 15 ceannaithe acu chomh maith agus mhéadaigh siad an siopa a thuilleadh. Cheannaigh Harry Gordon Selfridge an comhlacht i 1919 agus feidhmigh sé mar bhrainse de chuid Selfridge Provincial Stores go dtí 1933, díoladh go é John McGuire é, a rinne ainm dó féin sa siopa Clerys.[2]

Sna 1960idí, chuaigh an comhlacht poiblí ar Stocmhalartán na hÉireann. I 1971, cheannaigh Galen Weston scair sa chomhlacht agus i 1983 cheannaigh sé líon na scaireanna, agus rinneadh Brown Thomas príobháideach arís.[3]

Sa bhliain 1989, rinne an comhlacht iarracht an Switzer Group a cheannach, bhí Switzer i mBaile Átha Cliath san áireamh, chomh maith le Cashs de Chorcaigh, Moons de Ghailimh agus Todds de Luimnigh ó House of Fraser. Faraor, sáraíodh an Grúpa Ewart ó Bhéal Feirste iad. Theip ar Ewart, toisc nach bhféadfaí an margadh a mhaoiniú, rinne Brown Thomas tairiscint eile dá bharr i mí na Samhna 1990, ar ghlacadh leis.[2][4] Le sin críochnaigh an éadáil ar 16 Aibreán 1991.

Sa bhliain 1994, dhíol Brown Thomas a bhunstór le Marks & Spencer ar £20m agus ghlac sé seilbh ar léas an tsiopa M&S ag 28/29 Sráid Grafton, ar dtugtar BT2 air.[3] Cuirtear an t-idirbheart seo i gcrích ar 11 Feabhra 1995.

Rinneadh an dá shiopa a chónascadh i mBaile Átha Cliath ar shuíomh Switzer[5] ar 14 Feabhra 1995 ach faoin ainm Brown Thomas. Lean Cashs, Moon's agus Todd's go dtí 1998, ach idir 1998 agus 2000 rinneadh athbhrandáil ar go Brown Thomas. Osclaíodh BT2 idir an dá linn i 1998.[2]

Bhí an slabhra miondíola A Wear i seilbh na comhlachta go dtí Meitheamh 2007 freisin. Dhíol Grúpa Brown Thomas, A Wear ar €70m le foireann bainistíochta ceannach tharr barr amach (BCTA), a fuair tacaíocht ón ngnólacht cothromais phríobháidigh sa Ríocht Aontaithe Alchemy Partners. Bhí se intuigthe go raibh Brown Thomas ag súil le €85m a fháil don ghnó A Wear, ach socraíodh ar shuim níos ísle ina dhiaidh sin.[6]

I mí na Nollag 2021, dhíol muintir Weston, Brown Thomas agus Arnotts le cuibhreannas Téalannach-Ostarach, Central Group, ar €4.7 billiún.[7]

I mí Feabhra 2022, osclaíodh siopa i Lár Bhaile Dhún Droma, ag glacadh seilbh ar chuid d’iarshuíomh House of Fraser.[8]

Siopa Bhaile Atha Cliath cuir in eagar

Is é an siopa 12,000 m² i mBaile Átha Cliath ar Shráid Grafton príomhshuíomh an tslabhra. Áiríonn sé boutiques do Hermès, Louis Vuitton, Celine, Gucci, Arami, Balenciaga, Prada, Armani, Jo Malone, Charlotte Tilbury, Bobbi Brown, Chanel, Burberry, Saint Laurent, Ralph Lauren, Coach, Michael Kors, Ted Baker. Tá an siopa roinnte thar 4 leibhéal, le hÉadaí na Fear ar urlár na talún íochtair, an Halla áilleachta agus Halla na hOiriúintí ar urlár na Talún, na Seomraí Dearthóir agus Seomraí Bróg ar Leibhéal 1, Éadaí na mBan agus Éadaí Cnis ar Leibhéal 2 agus an Rannóg Mhaireachtála agus Seomraí na Leanaí ar Leibhéal 3.[9]

Eolas na siopaí eile cuir in eagar

Meallan an siopa do lucht spéise leathan, ag díol éadaí agus oiriúintí prêt-à-porter agus haute couture araon. Rinneadh athchóiriú le déanaí ar an gcuid thíos staighre de bhrainse Bhaile Átha Cliath. Is iad Ralph Lauren, Gant, Hugo Boss, Paul Smith, Dolce & Gabbana agus Prada cuid de na brandaí is féidir a fháil i limistéar íoslach na bhfear nua. Tá an bhialann agus an caifé lonnaithe le chéile anois ar urlár uachtarach an tsiopa.[10][11]

Roimhe seo bhí Aya Sushi Bar ceangailte le mbrainse Baile Átha Cliath,[12] ar Shráid Clarendon. Beár sushi crios iompair a bhí anseo, agus thug an áit seo seans d'fhaoisimh a bheith agat ón tsiopadóireacht go léir sa cheantar. Dhún sé i mí Eanáir 2009. I mí na Bealtaine 2009, osclaíodh brainse de Yo! Sushi ag an suíomh céanna.[13][14]

BT2 cuir in eagar

Feidhmíonn Brown Thomas an slabhra BT2 freisin, a sheoladh i 1995, atá lonnaithe in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir. Dúnadh asraon Lár Bhaile Dhún Droma i mí Feabhra 2022. Bhí siopa ar Shráid Grafton roimhe seo ach dhún an brainse seo ar an 29 Lúnasa 2016 agus tá an t-áitreabh lonnaithe anois ag Victoria's Secret. Tá níos mó éadaí don mhórmhargadh ag na siopaí seo atá dírithe ar an margadh 18-35, mar shampla Victoria Beckham, Acne Studios, Helmut Lang agus COS. Díolann BT2 raon leathan cosmaidí freisin.

Roghnaigh Paris Hilton BT2 mar shuíomh seolta a cumhráin Heiress le Paris Hilton.[15]

Siopaí cuir in eagar

Don bhliain dar críoch 30 Eanáir 2021, bhí brabús comhlán de bheagnach €74 milliún ag Brown Thomas.[16]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Who is Galen Weston, the Brown Thomas owner chasing control of Arnotts? - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2017-07-02.
  2. 2.0 2.1 2.2 O'Neill (2019-02-10). “Business Story: An Incredible 170 Years Of Brown Thomas” (en-GB). Evoke. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  3. 3.0 3.1 Carswell (15 October 2006). “Weston's way to the top”. The Sunday Business Post Online. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 May 2007. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  4. Brown Thomas Buy Switzers” (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  5. Archiseek - Irish Architecture - 1848 - Former Brown Thomas, Grafton Street, Dublin” (en-US) (2013-10-04). Dáta rochtana: 2023-03-07.
  6. O'Hora (14 May 2007). “Awear chain sold for €70m in MBO deal” (en). Irish Independent. Dáta rochtana: 2023-03-07.
  7. Brown Thomas and Arnotts sold in £4bn deal” (en). The Irish Times (24 December 2021). Dáta rochtana: 2023-03-07.
  8. Brown Thomas opens €12m Dundrum outlet with dress rental and intravenous vitamins”.
  9. "Magic Touch! Celebrity makeup artist and all round miracle worker Charlotte Tilbury's eponymous line is now available in Ireland!". evoke.ie (11 July 2014).
  10. "Ronan O'Reilly is left on the shelf by the ladies who lunch at The Restaurant at Brown Thomas". evoke.ie (26 October 2014).
  11. "The many ladies who lunch won't be browned off after this experience - where The Restaurant at BTs is all things to all customers". evoke.ie (19 July 2014).
  12. "Little fat, very fresh and totally addictive" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2017-07-04.
  13. YO! Sushi, Brown Thomas, Clarendon Street, Dublin 2, Ireland”. Dublin Reviewer's Blog (2010-10-26). Dáta rochtana: 2017-07-04.
  14. "Refuel: Yo! Sushi *** - Independent.ie" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2017-07-04.
  15. "Paris Hilton to launch perfume in Dublin" (en-US). The Irish Times. Dáta rochtana: 2017-07-04.
  16. Caden (2022-02-24). “Brown Thomas plans to invest in its Cork and Limerick stores” (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-03-07.

Tuilleadh léitheoireachta cuir in eagar

  • Haverty, Anne (1995), Elegant Times, Baile Átha Cliath, Sonas,ISBN 1-899565-01-9