Buachaille Èite Mòr
sliabh in Albain
Is sliabh nó droim mór é Buachaille Èite Mòr, atá suite i nGleann Comhann, Comhairle na Gàidhealtachd in Albain.[1] Tá druim fada aige, a shíneann ón oirthuaisceart go dtí an iardheisceart. Tá dhá Bheinn Rothaich air: Stob Derg (1,021m) agus Stob na Bròige (956m). Tá trí mhullach sléibhe eile aige, Stob Coire Altrim (941m), Stob na Doire (1,011m) agus mullach ganainm ar an léarscáil, atá 902m ar airde. Tá cáil ar Stob Dearg i measc dreapadóirí, agus dreapann siad bealaí éagsúla ar an taobh thuaidh den sliabh, mar shampla Crowberry Ridge agus Curved Ridge. Tá an sliabh laisteas den bhóthar an A82 trí Ghleann Comhann agus siar ón mbóthar trí Ghleann Èite. Tá cáil ar a aghaidh agus tá sé le feiceáil i go leor pictiúir den ghleann.
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland, Àird Chatain, Scotland agus Lismore and Appin, Scotland (en) | |||
| ||||
Sliabhraon | Am Monadh | |||
Codanna | ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 1,021 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 533 m | |||
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2023-06-19.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |