Ba iad Cáin agus Áibil an dá mhac Ádhamh agus Éabha de réir Leabhar Gheineasas. Luaitear iad sa Sean-Tiomna.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCáin agus Áibil

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldísreach siblíní
two biblical humans (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharGeineasas 4, Divine Principle (en) Aistrigh agus Genesis Rabbah (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
ComhionannCain and Abel in Islam (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Luigh Ádhamh lena bhean Éabha agus ghabh sí gin agus rug mac, Cáin. “Fuaireas mac,” ar sí, “le cúnamh an Tiarna.” Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin. Faoi chionn tamaill thug Cáin cuid de thorthaí na talún mar íobairt don Tiarna, agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin. Chuir an Tiarna ceist ar Cháin: “Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil fearg ort agus púic? Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?” “Téanam amach,” arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d'iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.

Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: “Cá bhfuil Áibil do dheartháir?” “Níl a fhios agam,” ar sé. “An mise coimeádaí mo dhearthár?” “Cad tá déanta agat?” arsa an Tiarna. “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh. Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d'oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh. Nuair a shaothróidh tú an talamh ní thabharfaidh sé feasta dá dhícheall duit. Beidh tú i do theifeach agus i d'fhánaí ar talamh.” Dúirt Cáin leis an Tiarna: “Tá mo phionós thar mo chumas iompair. Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.” “Cibé más ea,” arsa an Tiarna leis, “a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.” Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é. Ansin d'imigh Cáin leis ó láthair an Tiarna agus chuir sé faoi i dtír Nód, soir ó Éidin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. An tAth. Pádraig Ó Fiannachta, eag. (1981). "Geineasas 4:1–16" (in ga). An Bíobla Naofa. Maigh Nuad: An Sagart. Dáta rochtana: 2023-07-17.