Cál
Baineann cál, ar a dtugtar chabáiste duilleach freisin, le grúpa cabáistí (Brassica oleracea) saothróga a fhástar as a nduilleoga inite, cé go n-úsáidtear cuid acu mar ornáideacha. Bíonn na duilleoga simplí nó catach, glas nó corcra agus ní chruthaíonn na duilleoga lárnacha ceann (mar atá le cabáiste ceannach). Meastar go bhfuil cáil níos gaire do chabáiste fiáin ná an chuid is mó den iliomad foirmeacha ceansaithe de Brassica oleracea. Tá sé díorthaithe ó mhustard fiáin.
Sanasaíocht
cuir in eagarEascraíonn 'cál' as "caulis" an focal Laidine le haghaidh 'cabáiste'.[1][2]
Stair
cuir in eagarTháinig cál ó oirthear na Meánmhara agus na hAnatóile, áit ar saothraíodh é mar bhia ag tosú faoin mbliain 2000 RCR ar a dhéanaí.[3] Bhí cineálacha catacha ann cheana féin mar aon le cineálacha duilleog cothrom sa Ghréig sa 4ú haois RCR. Meastar gurb iad na foirmeacha seo, ar thagair na Rómhánaigh dóibh mar chál Saibíneach, sinsear na gcál comhaimseartha.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |