Cé Bhréanainn

sráidbhaile i gContae Chiarraí

Sráidbhaile beag is ea Cé Bhréanainn[1] atá lonnaithe ó thuaidh ó Leithinis an Daingin thart ar 11 ciliméadar soir ó thuaidh ón Daingean agus thart ar 40 ciliméadar siar ó Thrá Lí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCé Bhréanainn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°16′05″N 10°09′41″W / 52.268026°N 10.161409°W / 52.268026; -10.161409
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde24 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie101050

Bíonn clársheoltóireacht agus tonnmharcaíocht ar siúl san fharraige.

An sráidbhaile cuir in eagar

Tá an sráidbhaile tar éis forbairt ar an taobh thiar de Bhá Bhréanainn agus tá sé comhdhéanta go traidisiúnta de ghrúpaí beaga foirgneamh suit i dtreo an fharraige le núicléas forbartha mórthimpeall ar cheantar an ché. Le blianta beaga anuas tháinig cruth ribíneach ar fhorbairt na bóithre isteach sa lonnaíocht. In ainneoin seo tá Cé Bhréanainn féin comhdhlúth go maith in nádúr. Tá áitribh thraidisiúnta ag croílár an phatrúin lonnaíochta eisigh agus tá áitribh níos nuaí ar imeall na lonnaíochta ag taispeáint patrúin níos scaipthe ná an patrún atá le feiceáil sna sean-cheantair chroíláir. Tá forbairt nua cuimsithe de sé theach cónaithe dhéag ó dheas ó chroílár Ché Bhréánainn agus mar gheall ar an leagan amach agus an dearadh résúnta aonfhoirmeach atá ann ní réitíonn sí go hiomlán leis an sráidbhaile eiseach.

Déimeagrafaic cuir in eagar

Tháinig laghdú beag ar dhaonra an TRC seo idir an bhliain 1996 agus an bhliain 2002 ó 139 go 133 duine, ach bhí méadú mór de 26% idir 2002 agus 2006 a thug an daonra suas go dtí 168 duine. De réir daonáireamh na bliana 2006, bhí Gaelainn ag breis is 70% de na daoine sa toghcheantar.

De réir an daonáirimh seo, ba iad talmhaíocht, foraoiseacht, iascaireacht agus an tionscal tógála príomhfhoinsí fostaíochta na bhfear agus ba iad seirbhísí proifisiúnta príomhfhoinse fostaíochta na mban i dtoghcheantar Ché Bhréanainn.

De réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 152 duine i Cé Bhréanainn. Dúirt 118(79.7%) duine go bhfuil Gaelainn acu agus dúirt 44(31.1%) duine go úsáideann siad an Gaelainn go laethúil taobh amuigh den chóras oideachas.

Feidhmeanna agus seirbhísí cuir in eagar

Sráidbhaile iascaireachta agus turasóireachta den chuid is mó é atá ann, a chuireann raon bunúsach seirbhísí ar fáil don dúiche máguaird, mar shampla trí theach tábhairne agus cé. Tá roinnt forbairtí aonuaire agus forbairtí tithe saoire ann freisin. Tá lárionad pobail a fhreastalaíonn ar an gceantar máguaird suite idir Cé Bhréanainn agus An Clochán.

Oidhreacht Nádúrtha cuir in eagar

Tá Limistéar Taitneamhachta Tánaisteachan suite sa cheantar ar thaobh na farraige den bhóthar criosaithe. Cé go bhfuil Cé Bhréanainn suite ar thalamh réidh íseal téann an talamh in airde go géar ar an taobh thiar den sráidbhaile le airde níos mó ná 400 méadar á bhaint amach níos lú ná trí chiliméadar ó Ché Bhréanainn agus thart ar 800 méadar ar airde thart ar dhá chiliméadar níos faide siar.

Féile na Lúnasa cuir in eagar

Bíonn Féile na Lúnasa ar siúl gach aon bhliain. Athbheochan is ea an fhéile seo ar cheiliúradh seanda réamhChríostaí ar an bhfómhar. Féile pobal bhunaithe is ea é seo ina mbíonn ceardlanna ealaíne, ceol, tóraíocht taisce agus amharclannaíocht sráide.[2]

Reigeaite Bhréanainn cuir in eagar

Bíonn an reigeaite seo ar siúl sa sráidbhaile. Rásaí naomhág atá i gceist le go leor catagóirí difriúla ann. Taistilíonn lucht comórtais suas fan chósta Chorca Dhuibhne. I ndiaidh na rásaí bíonn ceol agus amhráin le cloisteáil.[3]

Eamhnú cuir in eagar

An Clochán agus Cé Bhréanainn, le Plozévet na Briotáine.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cé Bhréanainn/Brandon | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-29. Dáta rochtana: 2009-06-12.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-29. Dáta rochtana: 2009-06-12.