Céideadh

baile i gContae Ros Comáin

Baile in Éirinn is ea Ceideadh.[1] Tá sé suite in iarthar na tíre i gContae Ros Comáin. Is é KeadueKeadew (oifigiúil)[2] a thugtar air i mBéarla.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCéideadh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°02′58″N 8°08′04″W / 54.04944°N 8.13444°W / 54.04944; -8.13444
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde82 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie42925
Céideadh i Ros Comáin

Tá tuairim is 200 duine ina gcónaí sa sráidbhaile, atá suite ar bhóthar réigiúnach an R284 agus R285 gar do theorainneacha Chontae Liatroma agus Chontae Shligigh.

Cuireadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin ann agus bíonn féile agus scoil samhraidh ar siúl ann gach bliain in ómós dó. Deir Bunting go mbíodh a chloigeann i dtaisce i gcuas ann.[3]

Ghnóthaigh Céideadh Comórtas na mBailte Slachtmhara sna blianta 1993 agus 2003 agus is minic atá craobh an chontae sa chomórtas sin buaite aige.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar