Ar an 31 Deireadh Fómhair 1517, d’fhoilsigh manach óg, Mártan Liútar, cáipéis inar cháin sé díol na loghanna agus míchleachtais eile san Eaglais Chaitliceach. Na Cúig Théis is Nócha a thugtar ar an gcáipéis sin.[1]

Leagan foilsithe sa bhliain 1517

D'fhoilsigh Liútar na nócha is a cúig téis i Wittenberg na Gearmáine. Scríobh sé 95 téis in iomlán, agus b'fhéidir gur chroch sé iad ar dhoras na hArd-Eaglaise agus ar dhoirse eile a bhí ann (ní heol dúinn go cinnte gur chroch sé iad ach foilsíodh iad ar aon nós).[2][3]

Scríobh an manach óg litir lena a mhíshásamh a chur in iúl. Bhí Liútar ar mhalairt tuairime leis an Eaglais i dtaobh ceisteanna a bhain le míorúiltí agus comaoineach srl.[4] Cheistigh Liútar údarás an Phápa. B'iad seo a phléigh sé ina chuid Téiseanna – 95 díobh san iomlán. Bhí siad scríofa i Laidin, teanga na scoláirí.

Léaráid í seo de Mhártan Liútar ag crochadh na 95 théis, le Ferdinand Pauwels, 1872

Sleachta as 95 Théis Mhártan Liútar[5][6] cuir in eagar

De bharr grá agus ag iarraidh na fírinne táim á gcrochadh seo ionas gur féidir iad a phlé in Ollscoil Whittenburg. Aon duine nach mbeidh i láthair iarraim orthu aon rud atá le rá acu a chur i scríbhinn chugam.

Níl an chumhacht ag an bPápa leigheas a chur ar aon rud go bhfuil baint ag Dia leis.

Níl sé ceart ná cóir le rá go dtéann an t-anam ó phurgadóir díreach isteach go neamh an nóiméad a bhuaileann airgead ciste na hEaglaise.

Gach duine a chreideann go bhfuil slí acu díreach isteach go neamh mar gheall ar logha a cheannach, ní fheicfidh siad ná a gcuid múinteoirí neamh.

Tá cead ag gach Críostaí páirt a ghlacadh san Eaglais agus is é Dia amháin a thugann an cead sin dó.

Ba cheart a mhúineadh do Chríostaithe go bhfuil sé níos fearr airgead a thabhairt do na bochtáin nó daoine atá tinn seachas a bheith ag ceannach loghanna.

36. Tá an ceart ag aon Chríostaí, a bhfuil fíor-aithrí air, ar mhaithiúnas iomlán ó aon phionós agus ó aon chiontacht, fiú gan litreacha logha.

47. Táthar chun Críostaithe a mhúineadh go bhfuil ceannach na loghanna ina ábhar saor-rogha, nach n-ordaítear d’aon duine.

49. Táthar chun Críostaithe a mhúineadh nach bhfuil loghanna de chuid an Phápa tairbheach ach amháin mura gcuireann daoine a n-iontaoibh iontu, ach an-díobhálach má chailleann siad eagla Dé dá mbarr.

53. Is naimhde Chríost agus an Phápa iad sin a chuireann cosc go hiomlán ar theagasc Bhriathar Dé i roinnt eaglaisí chun gur féidir loghanna a theagasc in eaglaisí eile.

54. Déantar dochar do Bhriathar Dé nuair a thugtar, sa seanmóir chéanna, oiread ama, nó níos mó, do loghanna seachas don Bhriathar.

62. Is é an soiscéal rónaofa de ghlóire agus de ghrásta Dé fíorsheoid na heaglaise.

Tagairtí cuir in eagar

  1. forasnagaeilge.ie. "An Reifirméisean". Dáta rochtana: 2017.
  2. nicurriculum.org.uk. "Beo go hiomlán 2 (Bliain 9)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-03-22. Dáta rochtana: 2020.
  3. Alan Titley. "Máirtín, tairní agus téiseanna" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-01.
  4. Kevin Hickey (2017). "Martin Luther, an Reifirméisean agus an Ghaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-01.
  5. examinations.ie (2007). "SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2007". www.examinations.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020-11-01.
  6. cogg.ie. "13-16 An Reifirméisean agus Frith Reifirméisean". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-04. Dáta rochtana: 2020.