Sa bhliain 2005, thug na meáin chumarsáide Cúigear Ros Dumhach ar scata fear ó Ghaeltacht Iorrais i gContae Mhaigh Eo a cuireadh i bpríosún Chnoc na Seimre i mBaile Átha Cliath. Bhí siad in aghaidh píopa Shell a thógáil i Ros Dumhach chun gás a thabhairt i dtír.[1] B'iad na fir sin ná James Brendan Philbin, na deartháireacha Philip agus Vincent McGrath, Willie Corduff agus Mícheál Ó Seighin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCúigear Ros Dumhach
Cineálagóid Cuir in eagar ar Wikidata


Ros Dumhach

Aighneas cuir in eagar

Ghearr an Ard-Chúirt príosún orthu ar an 29 Meitheamh 2005. D'fhan siad i ngéibheann go dtí an 30 Meán Fómhair. Rinneadh léirsithe ar fud na hÉireann ag tacú leo. Ainmníodh Peter Cassells mar idirghabhálaí sa chonspóid. Gás na Coiribe a thugtar ar thoradh an tobair seo.

Bhí daoine ann ag an am ag labhairt faoin gcáin íseal a ghearrtar ar leithéidí Shell de réir Achtanna 1987 agus 1992 agus iad i mbun taiscéalaíochta amach ó chósta na hÉireann ar thóir ola agus gáis.

Foilsíodh Our Story: the Rossport Five sa bhliain 2007. I Mí Aibreáin 2007 bhuaigh Willie Corduff an Duais Chomhshaoil Goldman, in éineacht le $125,000, de bharr a ndearna sé, agus bhí cóisir ag National Geographic, iris dhúlra agus tíreolaíochta, le hurraim dó in Washington, D.C..

Iarscríbhinn cuir in eagar

Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[2] Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[3]

Naisc cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Non-Renewable Energy in Ireland". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  2. Nuacht RTÉ (2015-10-09). "Ceadúnas bronnta ar Shell scaglann gáis a fheidhmiú" (as ga). 
  3. "Energy crisis: Corrib gas field operator tells Taoiseach Michéal Martin they can extract fuel for another decade" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-01.