Is gáscheantar é Gás na Coiribe (nó Ghort na Coiribe) a luíonn siar ó thuaidh de chósta na hÉireann, timpeall 80km ó Cheann Iorrais i gCo. Mhaigh Eo. Tugtar Tionscanamh Ghás Aiceanta na Coiribe ar an tionscnamh scaití.

Stair cuir in eagar

Meastar go dtéann stair an gháis siar 250 milliún bliain go dtí an t-am ar leag na haibhneacha síos an ghaineamh as a d'freascair an gás i riocht a chruthaithe.[1]

Garda agus agóideoir, Béal an Átha Buí, Samhain 2006

Fuair comhlacht darb ainm Enterprise Oil ceadúnas taiscéalaithe don fharraige siar ó thuaidh d'Éirinn i 1993. Sa bhliain 1996 tháinig siad ar Mhaigh Gháis Aiceanta na Coiribe agus ina dhiaidh sin, fuair an comhlacht ilnáisiúnta Shell, Statoil agus Marathon Oil sealúchas ar Enterprise Oil sa bhliain 2002.

I 1997, bhí an chéad tobar meastacháin tochailte. Cinneadh go raibh toirt inchumasach agus inluachta inti i dtéarmaí tráchtála agus cuireadh tús leis an bpróiséas le ceadaithe pleanála agus reachtúla a fháil.

Chinn Shell ar lárionad próiseála a thógáil ar an dtír, le nasc faoi ard-bhrú idir an gáscheantar is an scaglann. Chuaigh Cúigear Ros Dumhach chun príosúin. Cuireadh feachtas Shell chun Sáile ar bun chun tacú leis na fir. Bhí a lán fearg ag daoine sna 2000idí ag na téarmaí a bhfuair na comhlachtaí (mar shampla, bhí siad ábalta na costais taisceálaithe agus foirgneamh a dhíscríobh in aghaidh cáin).

Inniu cuir in eagar

Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[2] Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Non-Renewable Energy in Ireland". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
  2. Nuacht RTÉ (2015-10-09). "Ceadúnas bronnta ar Shell scaglann gáis a fheidhmiú" (as ga). 
  3. "Energy crisis: Corrib gas field operator tells Taoiseach Michéal Martin they can extract fuel for another decade" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-01.

Naisc sheachtracha cuir in eagar