Shell chun Sáile
Ba fheachtas agóidíochta, sna blianta 2005-2008 go háirithe, in iarthuaisceart Mhaigh Eo Shell chun Sáile (SCS) (i mBéarla Shell to Sea). Bhí na hagóideoirí ag iaraidh brú a chur ar Shell gás na Coiribe a scagadh amach ón gcósta. Mheas siad go raibh na pleananna a bhí ag Shell contúirteach agus go mbeadh truailliú ann.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | shelltosea.com |
Imeachtaí
cuir in eagarChaith an Cúigear Ros Dumhach, baill Shell chun Sáile, trí mhí i bpríosún le díspeagadh cúirte.[2] Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Mícheál Mac Dubhghaill agus taoisigh gnó áitiúla go raibh an feachtas Shell chun Sáile faoi smacht Shinn Féin.
Ba bhall Shinn Féin duine amháin de Chúigear Ros Dumhach, agus bhí an páirtí go láidir as son an fheachtais.
Ní raibh ach polaiteoir Fhianna Fáil amháin i bhfabhar, Tadhg Ó Cuinn ó Bhéal an Mhuirthead. Thug an Comhaontas Glas tacaíocht freisin don agóid roimh dhul isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil i Meitheamh 2007. Bhí go leor TDanna neamhspleácha, agus baill eicínt Pháirtí an Lucht Oibre i leith an fheachtais freisin. Thug an Ceann Comhairle Meiriceánach, Nancy Pelosi, a tacaíocht freisin, nuair a bhuaigh Willie Corduff, duine de Chúigear Ros Dumhach, an Duais Chomhshaoil Goldman ar son na hEorpa.
Bhí a lán agóidí ag an láithreán tógála i mBéal Átha na Buí, agus go minic bhí roinnt baill den Gharda Síochána an-fhoréigneach, go háirithe i Mí Shamhna 2006. [1].
Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid). Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.
Iarscríbhinn
cuir in eagarSa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[3] Beidh Gort na Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Non-Renewable Energy in Ireland". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2022-09-01.
- ↑ Youtube (2008). "Shell Chun Sáile" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-10-09). "Ceadúnas bronnta ar Shell scaglann gáis a fheidhmiú" (as ga).
- ↑ "Energy crisis: Corrib gas field operator tells Taoiseach Michéal Martin they can extract fuel for another decade" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-09-01.
Naisc
cuir in eagar- Shell chun Saile Curtha i gcartlann 2006-12-05 ar an Wayback Machine
- Ros Dumhach
- An Campa Dlúthchomhar
- Tuarascáil ar cúrsaí Curtha i gcartlann 2007-10-26 ar an Wayback Machine