Cúinne an Ghiorria
coincheap Éireannach ina bhfágtaí cúinne de ghort gan baint ar mhaithe leis an ngiorria
Is éard is Cúinne an Ghiorria ann ná coincheap Éireannach ina bhfágtaí cúinne de ghort gan bhaint ar mhaithe leis an ngiorria. Labhair an scríbhneoir iomráiteach Máirtín Ó Cadhain faoi 'Chúinne an Ghiorria'. Ba nós é a bhí ann fadó in Éirinn, aimsir Fómhair, cúinne a fhágáil gan bhaint ionas go mbeadh áit éalaithe ag an ngiorria. Deirtear gur nós é a bhí ag dúchasaigh Mháigheacha Mheiriceá Theas freisin. Dúirt Ó Cadhain gurb iad na Gaeltachtaí Cúinní Ghiorria na hÉireann a bhí fágtha go sealadach ag an spealadóir gan bhaint, ach a bhí fós go mór i mbaol.
Samplaí
cuir in eagarCúinne an Ghiorria | The Hare's Corner a thug Colm Mac Con Iomaire ar albam dá chuid agus luaigh sé an scéal thuas ón gCadhnach.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |