CLG An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna

An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna
Béarla: Feohanagh/Castlemahon
Bunaithe: 1945
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Bán is gorm
Páirc: Páirc Mhic Uaid, Cúil an Rua, Caisleán Uí Mhathúna, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Máigh Thamhnach ar bhruach na Daoile idir An Caisleán Nua Thiar agus Drom Chollachair in Iarthar Chontae Luimnigh, 50km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as baile Caisleán Uí Mhathúna, as sráidbhaile An Fheothanach agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cúil an Rua, Baile Uí Ghoillín, Áth an Mhoilc agus Fán Liatháin.

Cluichí cuir in eagar

Cé go nimrítear iomáint faoin ainm An Fheothanach agus peil faoin ainm Caisleán Uí Mathúna, is club amháin atá ann. Bhí traidisiún na peile níos láidre sa pharóiste suas go dtí blianta na 1950í ach tá an bhéim tar éis iompú i dtreo na hiomána ón am sin.

Stair cuir in eagar

Bhí an pheil á imirt sa cheantar nuair a bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus ba iad Raonaithe na Daoile an chéad chlub nuair a chuireadh tús leis i bparóiste Máigh Thamhnach sa bhliain 1890. Tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuadar ar Naomh Íde Áth na bhFuinseog i gcomórtas Chill Íde sa bhliain 1994 agus chaill Raonaithe na Daoile cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain dár gcionn i gcoinne Na Trádálaithe, ceann des na clubanna peile ba láidre in Éirinn ag an am.

Bhris Na Raonaithe ina dhá chuid sa bhliain sa bhliain 1903 nuair a thug na himreoiri ó thaobh thuaidh Abhann na Daoile an t-ainm Caisleán Uí Mhathúna orthu féin agus thosnaigh iad siúd ar an mbruach theas ag imirt faoin ainm An Fheothanach. Níor bhuaigh ceachtar díobh corn ar bith suas go dtí an bhliain 1928 nuair a sháraigh Caisleán Uí Mhathúna ar Chnoc Uí Choileáin chun Craobh Peile Sóisear an Iarthair a ghabháil. Leanadar ar aghaidh sa bhliain dár gcion nuair a bhuadar ar Choill Bheithine i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh na bliana 1930.

Ba iad An Fheothanach an club peile ba láidre sa pharóiste o bhlianta na 1930í suas go dtí an bhliain nuair a tháinig an dá chlub le chéile. Cé gur choimeádar na hainmneacha ar leith, bheartaíodar go mbeadh aon taon choiste amháin ag an gclub nua.

Tar éis an aontais, d’aistrigh an bhéim i dtreo na hiomána agus bhuaigh An Fheothanach ar Chill Mocheallóg i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Chontae sa bhliain 1954 agus bhí beirt imreoir ón glub ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsear na Mumhan sa bhliain dár gcionn. Bhí foireann sinsear iomána láidir acu idir na blianta 1955 agus 1965 agus arís le linn blianta na 1980í ach, toisc go raibh cumhachtaí nua ar nós Tobar Phádraig, Cill Mocheallóg agus Saor Theas ag teacht chun chinn ag an am céanna, níor éirigh leis An bhFeothanach Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh a ghabháil riamh. Tháinig meath ar an iomáint le linn blianta deiridh na 1990í nuair a thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 1995 agus go dtí an grád sóisear A sa bhliain 2007.

Ní raibh mórán le rá faoi peileadóirí Chaisleán Uí Mhathúna idir aontú an chlub agus an bhliain 1979 nuair a bhuadar ar Bhaile Stiabhana chun Craobh Peile Sóisear an Iarthair a ghabháil. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, ba chlub peile sóisear A fós é Caisleán Uí Mhathúna. Bhuadar Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh do dara huair sa bhliain 1993 ach níor fhahnadar ag imirt peile idirmheánach ach ar feadh cúpla bliain sular thiteadar ar ais go dtí an grad sóisear A.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Osclaíodh páirc imeartha an chlub, Páirc Mhic Uaid, i gCúl Ui Rua, leathbhealach idir An bhFeothanach agus Caisleán Uí Mhathúna sa bhliain 1982. Tá sí ainmnithe i gcuimhne iarimreoir an chlub, An Garda Séamus Mac Uaid, a mharaíodh ar dualgas dhá bhliain roimhe sin. Tá ionad mór liathróid láimhe ar an suíomh freisin.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc na niománaithe cáiliúla An Fheothanach, tá Séamus Mac Uaid (Séamus Quaid, ball foireann Loch Garman a bhuaigh an Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1960), Tomás Mac Uaid (Tommy Quaid) agus Seán Ó Flanagáin (John Flanagan) a bhí ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1980 agus Seosamh Mac Uaid (Joe Quiad) a bhí ar fhoirne na mblianta 1994 agus 1996 agus ar a bhronnadh an gradam Sárimreoir na Bliana sna blianta céanna.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).