Cill Mocheallóg
Béarla: Kilmallock
Bunaithe: 1885
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Glas is bán
Páirc: Páirc Mhic Ghearailt, Cill Mocheallóg, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cill Mocheallóg.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Chill Mocheallóg in nDeisceart Chontae Luimnigh, 35km ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Cill Mocheallóg agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Baile Uí Choileáin, Baile an Ghadaí, Cnoc Samhna agus An Chúil Rua. Is féidir le peileadóirí as paróiste Eithbhinn imirt le Cill Mocheallóg chomh maith.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear an pheil agus an iomáint i gCill Mocheallóg ach tá béim an chlub dírithe go láidir i dtreao na hiomána.

Stair cuir in eagar

Maraon leis na bailte eile i lár agus i ndeisceart Chontae Luimnigh, eagraíodh cluichí Gaelacha i gCill Mocheallóg go foirmiúil le linn blianta tosaigh na 1880í agus is cosúil gur bhunaíodh an club cúpla mí sular chuireadh tús le CLG féin i Mí Shamhna na bliana 1884. Tá Cill Mocheallóg ag imirt gan stad faoin ainm céanna ó shin i leith.

Eagraíodh comórtaisí iomána agus peile sa bhaile i ndiaidh rialacha caighdeánacha a ghlacadh don dá chód agus tá cúntaisí ann faoi chomórtas iomána na bliana 1895 inar ghlac Ard Phádraig, Cill Fhionáin, Baile an Gharrdha, Tobar Phádraig agus Béal Átha Grean páirt chomh maith le Cill Mocheallóg.

Ach d’ainneoin go bhfuil paróiste Chill Mocheallóg suite i gceartlár limistéar láidir iomána, bhain an club cáil amch ar dtús sa pheil. Sháraíodar ar An gCaislea Nua Thiar sa bhliain 1908 chun Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh a bhuachaint don chéad uair agus chosnaíodar an teideal sa bhliain dár gcionn i gcoinne An Ghleanna. Bhíodar ar ais sa chluiche ceannais sa bhliain 1916 nuair a fuaradar an lámh in uachtar ar Mhainistir na Féile.

Cé gur shroicheadar cluichí ceannais Craobh Sóisear an Chontae na bliana 1910, nuair a chailleadar i gcoinne Caisleán Uí Chonaill, agus na bliana 1913, nuair a bhuaigh Baile Brún orthu, níor tháinig an iomáint chun chin sa chlub go dtí gur ath-thosnódh na comórtaisí i ndiaidh na dTrioblóidí. Ach tar éis dóibh an bua d’fháil ar Mháigh Rua chun craobh na bliana 1925 a ghabháil, d’aistrigh béim an chlub i dtreo na hiomána agus is ansin atá sé ón am sin i leith.

Déirigh leo arís i gCraobh Iomána Sóisear an Chontae sna blianta 1939 agus 1943 ach ní raibh aon ádh acu sa ghrád shinsear le linn réimis Átháin. Ach d’aistrigh an scéal i ndiaidh dóibh an chorn sóisear a ghbháil don cheathrú uair sa bhliain 1956 agus, nuair a bhuaigh Luimneach Craobh Iomána Sóisear na hÉireann na bliana 1957 le cúigear as Cill Mocheallóg ar an bhfoireann, spreagadh suim nua sa chlub agus sa pharóiste.

Trí bhliain ina dhiaidh sin, bhíodar i gcluiche ceannais Chraobh Sinsear an Chontae don chéad uair. Bhuaudar go héasca ar Chlochán agus is ceann des na clubanna iomána is láidre sa chontae é Cill Mocheallóg ón lá sin i leith. Tháinig an chorn ar ais chucu arís sa bhliain 1967 nuair a bhuadar ar Saor Theas agus, i ndiaidh dóibh buachaint ar Chill Íde i gcluiche ceannais na bliana 1973, thosnaigh an iomaíocht géar idir iad agus Tobar Phádraig nuair a chosain Cill Mocheallóg a dteideal ina gcoinne san dá bhliain dár gcionn.

Tháinig glún eile chun chin nuair a bhuadar ar Saor Theas i gcraobh na bliana 1985 agus d’éirigh leis an ngrúpa sin ní amháin Craobhacha Sinsir a ghabháil ach Craobhacha na Mumhan Chontae na mblianta 1992 agus 1994 chomh maith. Le linn blianta na 1990í agus na 2000í, d’éirigh go mór le Cill Mocheallóg i gcomórtas mionúi agus faoi-21 ach, lasmuigh dóibh cluichí ceannais na bliana 1999 a chailliúint i gcoinne Átháin agus na bliana 2005 i gcoinne Garrdha Uí Spiolláin, tá an club ag feitheamh fós sa ghrád sinsear ar thorthai a saothar sna grádanna óg.

Cé go bhfuil an pheil faoi scáth na hiomána i gCill Mocheallóg ó bhlianta na 1920í i leith, bíonn blianta ann ina ndéantar iarracht leis an liathróid mór. Bhuadar Craobh Peile Sóisear an Deiscirt trí uair as a chéile idir na blianta 1937 agus 1939 agus, i ndiaidh dóibh imirt faoin ainm Cnoc Samhna le linn blianta na 1950í agus na 1960í, tháinig an chorn thar n-ais chucu sa bhliain 1969. D’imríodar sa ghrád sinsear le linn blianta na 1970í agus bhuadar Craobh Peile Sinsear na Roinne tar éis dóibh an lámh in uachtar d’fháil ar fhoireann láidir Chromadh sa bhliain 1978 ach bhíodar ar ais ag imirt peile sóisir go gairid ina dhiaidh sin.

I dteannta leis an iomáint, d’éirigh leis an club sa pheil sna grádanna óga le linn blianta na 2000í ach, d'ainneoin gur bhuadar Craobh Mionúir an Chontae sna blianta 2005 agus 2008, níor chuireadh aon foireann peile faoi-21 ar an bpáirc ina ndiaidh.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Chill Mocheallóg, Páirc Mhic Ghearailt, suite i gceartlár bhaile Chill Mocheallóg ar Shráid Emmett agus is í an dara láthair féachana sa chontae i ndiaidh Páirc na nGael i gCathair Luimnigh. Is féidir le suas le 6,000 lucht féachana bailiú inti agus imrítear cluichí idirchontae agus cluichí ceannais na gcraobhacha chontae inti.

Ainmníodh an pháirc i gcuimhne Sheáin Mhic Ghearailt, rúnaí Coiste CLG Luimnigh Theas idir na blianta 1939 agus 1971. Chomh maith le dhá ardáin, lochtáin agus ceithre sheomra feistis, tá halla mór traneála agus ionad liathróid láimhe ar an suíomh chomh maith.

Imreoirí Cáiliúila cuir in eagar

I measc iománaithe cáiliúla Chill Mocheallóg, tá Sárimreoirí na Bliana Pádraigt Ó Ceallaigh (Paddy Kelly) ó bhlianta na 1980í, Mícheál Ó hUallacháin (Mike Houlihan) agus Dáithí Ó Cléirigh (Dave Clarke) ó bhlianta na 1990í agus Aindrias Ó Seachnasaigh (Andrew O’Shaughnessy) ó bhlianta na 2000í. Scóráil Muiris Ó Dúlaing (Mossie Dowling) an cúl a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1973.

Tá Seán Caoimhín Ó Breacáin (JK Bracken), a bhí i láthair ag an gcrinniú inar bhunaíodh CLG sa bhliain 1884, curtha i Reilig Bhaile Thancaird i bParóiste Chill Mhocheallóg.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).