CLG Greanach/Baile an Gharrdha

Greanach/Baile an Gharrdha
Béarla: Granagh/Ballingarry
Bunaithe: 1990
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Dubh is glas
Páirc: Cluain an Teampaill, Baile An Gharrdha, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Greanach/Baile an Ghardha.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Baile an Gharrdha/Greanach in lár Chontae Luimnigh ar dhá thaobh Cnoc Fírinne idir Ráth Caola agus Cromadh, 30km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá n-imreoirí as baile Baile an Gharrdha agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Greanach, Bodastóic, Baile Bhológ agus Baile Uí Fhaoileáin.

Cluichí cuir in eagar

Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint] sa cheantar, imrítear peil sa chlub chomh maith. Tá an bhéim dírithe go láidir i dtreo na hiomána. Tá mórcháil bainte amach ag Greanach/Baile an Gharrdha sa chamógaíocht.

Stair cuir in eagar

Bhí traidisiún láidir iomána i gcónaí ann i lár Chontae Luimnigh agus bhí clubanna ann i mbailte ar nós Cromadh agus Cill Mocheallóg sular chuireadh tús le CLG féin. Níl tuairisc oifigiúil ar fáil anois faoi bhunú club faoin ainm Baile an Gharrdha ach bhí iománaithe an bhaile gníomhach i gcomórtaisí a eagraíodh i ndiaidh glacadh le rialacha caighdeánacha an spóirt sa bhliain 1884.

Ghlacadar leis an ainm Óglaigh na hÉireann Baile an Gharrdha orthu féin le linn blianta na 1890í agus tá tuairisc ann faoi chluiche a bhuadar ar Fheachtasóirí Mungairit i gComórtas Cromadh sa bhliain 1895. Ghlacadar páirt i gCraobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana céanna agus shroicheadar an cluiche ceannais sa bhliain dár gcionn ach chailleadar i gcoinne Cathair Laighin.

Bhíodar ar ais arís i gcluiche ceannais na bliana 1904 nuair a bhuaigh CLG An Cheapach Mhór orthu ach, i ndiaidh dóibh an lámh in uachtar d’fháil ar Ard Pádraig chun Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 1910 a ghabháil, d’éirigh leo sa phríomhghrád nuair a sháraíodar ar Fheadamar sa bhliain dár gcionn. Bhain Feadamar díoltas amach orthu i gcluiche ceannais na bliana 1912 agus chuir sin deireadh le ré órga iomána Bhaile an Gharrdha.

Tá tuairisc ann faoi chluiche idir foireann faoin ainm Greanach agus Brú Rí i gComórtas Iomána Bhéal Átha Grean ar Lá Márta na bliana 1896 ach is cosúil nár chláraíodh club oifigiúil ar thaobh theas Cnoc Fírinne go dtí an bhliain 1901. Thángadar chun chinn díreach i ndiaidh an chlub eile sa pharóiste nuair a bhuadar ar Chaisleán Uí Chonaill chun Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh na bliana 1914 a ghabháil. Chuir An Chéad Chogadh Domhanda agus Éirí Amach na Cásca amach go mór ar an gcomórtas sin agus níor imríodh an cluiche ceannais sin go dtí Mí Aibreán na bliana 1917. Bhí an toradh céanna nuair a chas an bheirt arís orthu féin i gcluiche ceannais na bliana 1916 a imríodh i Mí Mheithimh na bliana 1918.

Ba chlubanna iomána sóisir iad Greanach agus Baile an Gharrdha nuair a thosnigh na craobhacha arís le teacht na síochána. Bhí an lámh in uachtar ag Greanach le linn blianta na 1920í agus le Baile an Gharrdhale linn blianta na 1930í agus bhí foireann láidir ag an mbeirt acu le linn blianta na 1940í nuair a bhuaigh Greanach Craobh Iomána Sóisear an Chontae na bliana 1942 agus Baile an Gharrdha dhá bhliain ina dhiaidh sin. Thángadar le chéile sa bhliain 1945 faoin ainm Greanach/Baile an Gharrdha chun páirt a ghlacadh san iomáint sinsear agus shroicheadar cluiche ceannais Craobh an Chontae ar an gcéad iarracht ach chailleadar i gcoinne Átháin.

Scoilt na clubanna trí bhliain ina dhiaidh sin, d’aontaíodar arís sa bhliain 1955 agus scoilteadar do tríú uair sa bhliain 1966. Bhuaigh Greanach ar Stáicéirí de Bhailís chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae a bhailiú sa bhliain 1976 agus lean Baile an Gharrdha iad sa chomórtas chéanna trí bhliaina ina dhiaidh sin tar éis dóibh sárú ar Fhíonach/Cill Mhíde. Ba chlubanna sinsir iad suas go dtí an bhliain 1985 ach thit an eisimirce le linn lagtrá blianta na 1980í go trom ar an bparóiste agus bhí an bheirt acu ar ais ag imirt iomána sóisear nuair a tháinig na grádanna teornata i bhfeidhm sa chontae i gcomhair na bhiana 1988. Bhí blianta ann nuair ba dheacair dóibh foirne a chur ar an bpáirc agus, ós rud é go rabhadar ag imirt le chéile sna grádanna óga, tháinig na clubanna sinsir le chéile arís sa bhliain 1990 faoin ainm Gaeil Cnoc Fírinne. Trí bhliain ina dhiaidh sin, athraíodh go Greanach/Baile an Gharrdha é.

Toisc go raibh iomaíocht gear idir cuid theas agus cuid thuaidh an pharóiste i rith na mblianta, níorbh éasca dóibh aithne ar leith a chur in áit don chlub nua ach, nuair a tháinig an chéad chorn chontae peile ar ais chucu i ndiaidh dóibh buachaint ar Úlla i gcluiche cheannais Craobh Sóisear B na bliana 1996, d’fhás an nasc i measc na nimreaoirí. Sháraíodar ar An gCaisleán Nua Thiar chun Craobh Iomána Sóisear A an Chontae na bliana 1998 a ghabháil agus ba chlub iomána sinsear arís é nuair a bhuardar ar An nGleann Rua i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae sa bhliain 2005.

Bhuaigh Baile an Gharrdha Craobh Peile Sóisear B an Chontae mar chlub aonar sa bhliain 1989 agus d’éirigh leis an gclub aontaithe an teideal a ghabháil don dara huair nuair a sháraíodar ar Chaisleán Uí Mhathúna i gcluiche ceannais na bliana 2002.

Bhí Greanach/Baile an Gharraí i measc na gclubanna camógaíochta ba láidre sa tír le linn blianta na 1990í agus bhuadar Craobh Club Sinsear na hÉireann ar dhá ócáid.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Greanach/Baile an Gharrdha suite i mBaile an Gharrdha, 200m soir ó dheas ó lár an bhaile ar Bhóthar Chill Mocheallóg.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc iománaithe cáiliúla Chill Íde, tá Éamonn Chawke (Ned Chawke), lán-thosaigh deas ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1940 agus Dómhnall Ó Gráda (Donal O’Grady), imreoir sinsear an chontae le linn blianta na 2000í.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).