Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Cheapach Mhór.

Bosca Sonraí EagraíochtaCLG An Cheapach Mhór
Sonraí
Cineálclub spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
An Cheapach Mhór
Bunaithe: 1887
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Uaine is ór
Páirc: An Portán Aird, An Cheapach Mhór, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Tá an club bunaithe i bparóiste An Cheapach Mhór ag bun Sliabh Feidhlim in Oirthear Chontae Luimnigh, 20km soir ó Cathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as baile An Cheapach Mhór agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Tóin an Tairbh, Béal Átha Bó, Cnoc na Carraige agus Cuilleanach.

Imrítear an pheil agus an iomáint sa Cheapach Mhór agus, d’ainneoin go bhfuil traidisiún na hiomána níos láidre sa cheantar, cuireann an club an bhéim chéanna ar an dá chód faoi láthair.

Bunaíodh an club sa bhliain 1887 i gceartlár cheantar láidir na hiomána ach bhí foirne neamhoifigiúil gníomhach san áit sna blianta roimhe sin. Toisc go raibh na clubanna iomána ba láidre sa chontae ag an an am, Máigh Rua agus An Bóthar, ar bhéal dorais An Cheapach Mhór, ba mhall é an fás ar dtús agus is cosúil go raibh roinnt imreaoirí ón bparóiste ar fhoireann Mháigh Rua a bhuaigh an chéad Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1887.

Cé gur imir an club i gcomórtaisí a eagraíodh in oirthear an chontae le linn blianta na 1890í, níor ghlac An Cheapach Mhór páirt i gCraobh Iomána an Chontae don chéad uair go dtí an bhliain 1896. D'éirigh thar bharr leo sa chomórtas sa bhliain dár gcionn nuair a shroicheadar an cluiche ceannais ach bhí an mí-ádh orthu gur chasadar ar fhoireann fíor-láidir Riobárd Emmet Cill Fhionáin agus chailleadar ar an scór 4-9 i gcoinne 4-8. Bhuaigh Cill Fhionáin Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1897 ar son an chontae.

Bhí toradh níos rathúla ar chluiche ceannais na bliana 1904. Tháinig corn an chontae chuig an bparóiste don chéad uair nuair a bhuadar Bhaile an Gharrdha.

Níor éirigh go maith leo nuair a thosnaigh na comórtaisí arís i ndiaidh dTrioblóidí agus, maraon le an-chuid clubanna in oirthear an chontae, bhíodar faoi scáth Átháin le linn blianta na 1930í agus na 1940í. Ba chlub iomána sóisear é An Cheapach Mhór agus ba bheag toradh a bhí ar a gcuid saothar go dtí gur sháraíodar ar Saor Theas i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear an Oirthir na bliana 1948. Bhaineadar céim eile amach nuair a bhuadar ar Bhaile an Chaisleáin chun Craobh Iomána Sóisear an Chontae na bliana 1952 a thabhairt abhaile leo.

Thosnaigh an bua sin ré órga na hiomána sa pharóiste agus d’éirigh leo Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh a ghabháil faoi cheathair tar éis an lámh in uachtar d'fháil ar Ghaeil an Iarthair sa bhliain 1954, ar Chlochán sa bhliain 1956, ar Naomh Pádraig sa bhliain 1959 agus ar Dhrom Chollachair sa bhliain 1964.

Bhí an aois ag teacht anuas ar an bhfoireann le linn blianta na 1960í nuair a bhí clubanna láidre nua ar nós Tobar Phádraig, Cill Mocheallóg agus Saor Theas ag teacht chun chin. Bhí ar An gCeapach Mór fanacht go dtí blianta na 1980í sular shroicheadar cluiche ceannais sinsear an chontae arís. I ndiaidh dóibh chailliúint i gcoinne Tobar Phádraig sna blianta 1984 agus 1988, tháinig meath ar an iomáint agus thiteadar síos go dtí an grád idirmheánach sa bhliain 2002.

Lasmuigh den bhliain 1925 nuair a bhuaigh Faing orthu i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Chontae, ba bheag an suim a raibh ag an gclub sa pheil suas go dtí blianta na 1990í nuair a bhuadar Craobh Faoi-21 an Chontae. Chailleadar cluiche cheannais Craobh Peile Sóisear an Chontae faoi thrí sular bhuadar é sa bhliain 2003.

Páirc Imeartha

cuir in eagar

Tá páirc imeartha An Cheapach Mhór suite sa Phortán Ard, 1km ó thuaidh ón mbaile. Osclaíodh é le linn blianta na 1980í.

Imreoirí Cáiliúla

cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann chontae Luimnigh tá Dónall Ó Floinn (Donie Flynn, iománaí blianta na 1960í), Micheál Ó Lonargáin (Mick Lonergan, iománaí blianta na 1980í) agus Diarmuid Mac Síthigh (Diarmuid Sheehy, peileadóir blianta na 1990í agus na 2000í).


Naisc Sheachtracha

cuir in eagar
  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).