CLG Máigh Rua/An Bóthar

Máigh Rua/An Bóthar
Béarla: Murroe/Boher
Bunaithe: 1993
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Gorm, glas is dearg
Páirc: Páirc Uí Artaigh, Máigh Rua, Contae Luimnigh agus Páirc CLG An Bhóthar
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Máigh Rua/An Bóthar.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Máigh Rua/An Bóthar ar bhruach Abhann na Maoilchéirne in Oirthear Chontae Luimnigh, 13km soir ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Máigh Rua agus na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Maide Buí agus Ceapach na hAithne ar thaobh thuaidh na habhann agus i sráidbhaile An Bóthar agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios Mothláin agus An Briotás ar an dtaobh theas.

Cluichí cuir in eagar

Cé go bhfuil traidisiún an iomána níos láidre sa cheantar, imrítear peil agus iomáint sa chlub ach tá an bhéim dírithe go láidir i dtreo na hiomána.

Stair cuir in eagar

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá Páirc Uí Artaigh, príom-pháirc imeartha Máigh Rua/An Bóthar, suite ar phríomhshráid baile Máigh Rua. Baintear úsáid chomh maith as sean-pháir imeartha An Bóthar i mBóthar Sceiche Gainimh lámh le Crosbhóthar Uí Bhéara ar an N24.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc iománaithe cáiliúla Máigh Rua/An Bóthar, tá Seosamh Mac Uaid (Joe Quiad) a bhí ar fhoirne Luimnigh a chaill cluichí ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na mblianta 1994 agus 1996 agus ar a bhronnadh an gradam Sárimreoir na Bliana na mblianta céanna, Eoin Ó Néill (Owen O’Neill), a bhí ar fhoireann na bliana 1996, agus Séamus Ó hIcí (Séamus Hickey) a bhí ar fhoireann na bliana 2007.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).