Átháin
Béarla: Ahane
Bunaithe: 1926
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Glas is buí
Páirc: Páirc Mhic Aodha, An Garraí Nua, Caisleán Uí Chonaill, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Átháin.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Chaisleáin Uí Chonaill, an t-aon paróiste amháin sa chontae gur chuid de Dheoise Chill Dálua é, ar bhruach thoir na Sionainne i dTuaisceart Chontae Luimnigh, 10km soir ó thuaidh ó lár Chathair Luimnigh ar bhóthar Bhaile Átha Cliath. Tagann formhór dá imreoirí as baile Caisleán Uí Chonaill, as sráidbhaile Montpelier agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Lios na Graí, Baile an Bharraigh, Átháin agus Guaig.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear an iomáint agus an pheil in Átháin agus tá craobhacha sinsir an chontae buaite acu sa dá chód ach bhí béim an chlub dírithe i gcónaí go láidir óna bhunú i dtreo na hiomána.

Stair cuir in eagar

Fiú amháin roimh bhunú oifigiúil CLG, bhí traidisiún bríomhar iomána sa limistéar díreach soir ón gcathair. I measc na gclubanna ba láidre sa chontae le linn blianta deiridh an 19ú déag, bhí dhá cheann ó pharóiste Caisleán Uí Chonaill, Caisleán Uí Chonaill agus Cnoc na Sailí. D'éirigh leis an mbeirt acu Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh a bhuachaint, Cnoc na Sailí i ndiaidh dóibh sárú ar Abrahamaigh Ráth Caola sa bhliain 1900, agus Caisleán Uí Chonaill nuair a fuaradar an lámh in uachtar ar Chromadh i gcluiche ceannais na bliana 1909.

Tagann an chéad tuairisc nuachtáin faoi imirt na gcluichí Gaelacha sa pharóiste ó Mhí Nollaig na bliana 1887 nuair a chaill Caisleán Uí Chonaill cluiche ceannais Comórtas Iomána Chill Mhuire i gcoinne CLG Saor Theas. Tá tagairt eile ann do chluiche iomána sa bhliain 1895 i gCill Mhuire arís inar bhuaigh Saor Theas ar fhoireann darbh ainm di Átháin agus bhí foireann ann ag imirt faoin ainm Baile an Bharraigh nuair a chailleadar cluiche iomána i gcoinne Máigh Rua i Mí Feabhra na bliana 1903. Bhí foireann peile sa cheantar ag an am gcéanna faoin ainm Áth na Coite, a bhí bunaithe i leath-pharóiste Mhóin a' Lín agus tháinig roinnt dá imreoirí as paróiste Chaisleán Uí Chonaill. Ach maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thiteadar go léir as a chéile le linn na dTrioblóidí agus An Chéad Chogadh Domhanda.

Bunaíodh club an lae inniu ann sa bhliain 1926. Ós rud é go raibh an-chuid daoine ag teacht isteach sa pharóiste le linn togáil stáisiún ginnte hidrileictreach Ard na Croise ag an am, d’fhás club Átháin go tapaidh agus i gcionn ach dhá bhliain, bhí Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh gafa acu nuair a sháraíoadar ar Chill Mhíde i gcluiche ceannais na bliana 1928. I ndiaidh dóibh buachaint ar Bhrú Rí sa chomórtas chéanna sa bhliain 1930, thosnaíodar ag imirt sa phríomhghrád, áit ina bhfuilid ann fós gan stad ó shin i leith.

Ní raibh orthu fanacht ach bliain amháin sula raibh craobh iomána sinsear an chontae ina seilbh don chéad uair tar éis dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar Chromadh. B’iad blianta na 1930í ní amháin ré órga iomána Átháin ach ré órga iomána Luimnigh chomh maith. Idir na blianta 1931 agus 1948, tháinig corn an chontae cúig uair déag ar ais go dtí an paróiste. Le linn an trátha chéanna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sna blianta 1934, 1936 agus 1940 agus b’as Átháin beagnach leath na foirne ar gach ócáid.

 
Dealbh cuimhneachán Seán de Paor (1916-1994) in Áth na Coite

Ag tús a réimis, ba iad Éire Óg príomh-iomaitheoirí Átháin ach, aisteach le rá, níor chas an bheirt acu riamh orthu féin i gcluiche ceannais sinsear an chontae. Bhuaigh an club as Caisleán Uí Chonaill ar Chill Díoma i gluichi ceannais na bliana 1934 agus 1935 ach, ina dhiaidh sin, ba sna cluichí idir Átháin agus Cromadh an coimhlint ba ghéire i gcúrsaí iomána Luimnigh. Thagadh sluaite móra chun féachaint orthu agus bhí blas iomaíocht polaitiúil an ama eatarthu chomh maith. Bhí bá ag cuid de lucht leanúna Átháin leis an IRA agus agus cuid lucht leanúna Cromadh leis Na Léinte Gorma.

Nuair a d’éirigh glún na bhfathach as an imirt, tháinig meath ar ratha Átháin, Cé gur bhuadar ar Na Gearaltaigh, foireann na Roinne Thiar, chun craobh iomána sinsear an chontae a bhuachaint arís sa bhliain 1955, níor fhilleadar ar an gcluiche ceannais go dtí gur sháraíodar ar Thobar Phádraig sa bhliain 1998. Chosnaíodar an chorn i gcoinne Cill Mocheallóg sa bhliain dár agus bhuadar arís í sa bhliain 2004. I ndiaidh dóibh an teideal a bhuachaint ar naoi n-uair déag, is iad Átháin fós an club iomána is rathúla sa chontae.

Cé go bhfuil clú ar Átháin mar chlub iomána, ba iad an fhoireann ba láidre i bpeil an chontae chomh maith le linn blianta na 1930í. I ndiaidh dóibh buachaint ar Mhainistir na Féile chun craobh peile sinsear an chontae a ghabháil don chéad uair sa bhliain 1935, níor chailleadar cluiche peile d'aon saghas suas go dtí an bhliain 1940 fad is a bhí craobhacha na mblianta 1936, 1937, 1938 agus 1939 á mbuachaint acu.

Is beag toradh, áfach, a raibh ag peileadóirí Átháin ó shin i leith. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, be chlub peile idirmheánach iad agus shroicheadar cluiche ceannais an chontae sa ghrád sin cúpla bliain ina dhiaidh ach thiteadar síos go dtí an grád sóisear A sa bhliain 2001.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Átháin, Páirc Mhic Aodha, suite sa Gharraí Nua, Lios na Graí agus osclaíodh an clubáras sa bhliain 1995. Ainmníodh í i gcuimhne Mhichíl Mhic Aodha (1912-1982).

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc na niománaithe cáiliúla Átháin, tá Mícheál Mac Aodha (Mick Mackey), a dheartháir Seán Mac Aodha (John Mackey), Seán de Paor (Jackie Power), Pádraig Ó Scanláin (Paddy Scanlon) agus Tadhg Ó Riain (Timmy Ryan Goodbye), baill foireann iomána Luimnigh le linn blianta na 1930í, agus Oilibhéar Ó Móráin (Ollie Moran) atá ag imirt ar fhoireann sinsear an chontae ón mbliain 1997. Sé Seán Ó Catháin (John Keane), lán-taca ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 1980í agus na 1990í, an peileadóir is mó le rá a tháinig as Átháin le seasca bliain anuas.

Rosc Catha cuir in eagar

Tá cáil faoi leith ar rosc catha Átháin, Ar aghaidh, Átháin! Tá na prátaí ag beiriú! (Come on Ahane! The spuds are boiling! as Béarla), i mbéaloideas iomána Luimnigh.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • “Come on Ahane, the Spuds are Boiling”, Murphy, Seán, 2002, (Béarla).