N7
príomhbhóthar náisiúnta in Éirinn
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: As dáta?
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Ceanglaíonn an N7 Baile Átha Cliath (ag an M50) le Luimneach. Tá an cúrsa iomlán timpeall 195 ciliméadar (120 mhíle) i bhfad, agus tá an bóthar an-tábhactach don Plean Forbartha Náisiúnta. Faoi láthair na huaire, tá sé á atógáil mar mhótorbhealach (mar an M7) ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta.
Aitheantóir | N7 agus M7 |
---|---|
Cuid de | (Bealach Eorpach E20 in Éirinn) |
Cineál | bóthar |
Fad | 186.89 km |
Bealach | |
Stáit | |
Áiteanna trasnaithe |
Bealach an N7
cuir in eagarSular thosnaíodh ar thógáil an mhótorbhealaigh M7, bhí na bailte seo suite ar bhealach an N7:
- Teach Sagard, Contae Átha Cliath
- Ráth Cúil, Contae Átha Cliath
- An Nás, Contae Chill Dara
- Droichead Nua, Contae Chill Dara (óna théann an M9/N9 ó dheas go dtí Port Láirge)
- Cill Dara, Contae Chill Dara
- Mainistir Eimhnín, Contae Chill Dara
- Baile Briotás, Contae Laoise
- Port Laoise, Contae Laoise (óna théann an M8/N8 ó dheas go dtí Corcaigh) agus an N80 ó dheas go dtí Ceatharlach agus ó thuaidh go dtí Áth Luain)
- Maighean Rátha, Contae Laoise
- Buiríos Mór Osraí, Contae Laoise
- Ros Cré, Contae Thiobraid Árann (óna théann an N62 ó thuaidh go dtí Biorra agus ó dheas go dtí Dúrlas)
- Dún Chairin, Contae Uíbh Fhailí
- Muine Gall, Contae Uíbh Fhailí
- Tuam Uí Mheardha, Contae Thiobraid Árann
- An tAonach, Contae Thiobraid Árann (óna théann an N52 ó thuaidh go dtí Áth Luain))
- Cnoc an Éin Fhinn, Contae Thiobraid Árann
- Áth na Coite, Contae Luimnigh
Tógáil an Mhótarbhealaigh M7
cuir in eagarSa bhliain 2009, bhí tógáil an M7 curtha i gcríoch idir An Nás agus Port Laoise agus idir Áth na Coite agus deireadh an N7 ag Timpeallán Ráth Bhán ar imeall Luimnigh. Is mór-bhóithre dúbailte de chaighdeán mhótarbhealaigh an stráicé idir Baile Átha Cliath agus An Nás
Tá sé beartaithe go n-osclófar stráiceanna eile an M7/N7 mar a leanas:
- M7 Port Laoise go dtí Buiríos Mór Osraí, 2009
- M7 Buiríos Mór Osraí go dtí Tuam Uí Mheardha, 2011
- M7 Tuam Uí Mheardha go dtí Áth na Coite, 2009
- M7 Ráth Bhán go dtí an N18 i gCuanach (Tollán na Sionainne), 2010
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |