Baile Átha Luain

baile i gContae na hIarmhí
(Athsheolta ó Áth Luain)

Is é Baile Átha Luain[1]Áth Luain (Athlone as Béarla) nó Bl'Áth Luain sa chaint (de réir tuairiscí ón 19ú haois) ar na bailte is mó i gContae na hIarmhí i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh de 2016 tá daonra de 21,349 ag an mbaile. Tá sé suite ar Abhainn na Sionna idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, freisin, agus stopann líne na Gaillimhe ann, mar aon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain suite ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha Luain
Athlone (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°25′25″N 7°56′33″W / 53.4236°N 7.9425°W / 53.4236; -7.9425
Stát ceannasachÉire
Toghcheantar Pharlaimint na hEorpaan tIarthuaisceart Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla10.92 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tSionainn Cuir in eagar ar Wikidata
Airde56 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistN37 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód90 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie50734
Suíomh gréasáinathlone.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Tá ionad traenála ag an arm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre ina hiomláine. Chuireadh Sinn Féin an baile ar aghaidh mar phríomhbhaile ar an tír, agus í athaontaithe agus í á riaradh ina ceithre chúige, ina gcuid moltaí "Éire Nua".

Cúpla ciliméadar ó dheas de tá Cluain Mhic Nóis, mainistir a bhunaigh Naomh Ciarán i 548, agus a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain.

Stair Bhaile Átha Luain cuir in eagar

 
Caisleán Bhaile Átha Luain

Bunaidh agus luathstair cuir in eagar

Tháinig Baile Átha Luain chun cinn mar phointe trasnaithe tábhachtach na Sionna. Rinne eascracha na tíre áth nádúrtha ann. Tá an áth seo tábhachtach ón Chré-umhaois de réir leithéid ó aois na cré-umha atá faighte ar an grinneall abhann. Ina theannta sin, tá seans ann go raibh mainistir neamhthaifeadta Luath-Chríostaí suite i mBaile Átha Luain mar fuarthas go leor uaigheanna luath-Chríostaí sa cheantar. Thóg Toirdhealbhach Ó Conchubhair go leor droichid shealadacha thar an abhainn ag Baile Átha Luain chun dul go dtí an Mhí sa 12ú haois.

An Chaisleán cuir in eagar

Thóg an rí Toirdhealbhach Ó Conchubhair caisleán admaid sa bhaile i 1129. Shroich na Normannigh an tSionnain roimh 1200. Thuig siad go raibh tábhacht straitéiseach ag baint le Baile Átha Luain agus sa bhliain 1210 thosaigh an t-easpag John de Gray, giúisteoir do Rí Eoin tógáil an chaisleán as cloiche. Chabraigh sé lena ngluaiseacht chun tosaigh i gCúige Chonnacht. Bhí tábhacht mhíleata leis an mbaile mar gheall ar a suíomh i lár na tíre agus bhí garastúin ann ag Arm na Breataine.

Cogadh an Dá Rí cuir in eagar

Rinneadh léigear ar an bhaile i 1690 nuair a bhí Cogadh an Dá Rí ar siúl. Ba daingean na Seacaibíteach é Baile Átha Luain. Sa chéad léigear, níor éirigh le Liam III Shasana agus 10,000 saighdiúirí an baile a ghabail le cuidiú mór ó Sáirsint Chostúim. Tháinig an Chlann Bhullaí ar ais go baile Átha Luain i 1691 agus tar éis catha a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí an Mheithimh 1691.

Déimeagrafaic cuir in eagar

Sa bhliain 2016 bhí 21,349 ina gcónaí i mBaile Átha Luain. Tá an baile ag fás go tapa. Mhéadaigh an daonra sé faoin gcéad ón mbliain 2011 go 2016. Tá an rata fás seo níos airde ná an meán náisiúnta (3.6%). Tá an baile níos ilchultúrtha ná an meán náisiúnta freisin. De réir dhaonáireamh 2016, rugadh 22.8% den daonra taobh amuigh d'Éirinn. Dúirt 30.5% nár Éireannach geal iad. Éireannaigh gorma iad 3.6% den daonra agus Áisigh Éireannacha iad 5.3% den daonra. Bhí cúlra geal eile ag 14.1% den daonra. Luaigh 73.4% go raibh an creideamh Caitliceach acu. Bhí creideamh eile ag 14.4% acu agus ní raibh creideamh ar bith ag 9% acu.[2]

Dúirt 31.8% go raibh Gaeilge labhartha acu ach níor labhair ach 170 duine Gaeilge go laethúil taobh amuigh den córas oideachasach. Bhí teanga seachas Béarla agus Gaeilge ag duine as ceathrar. ba iad an Pholainnis, an Fhraincis agus an Liotuáinis na teangacha is mó labhairt.

Forbairtí le Déanaí cuir in eagar

Sa bhliain 2007, osclaíodh Lárionad Bhaile Átha Luain, ionad siopadóireacht le breis is 60 siopaí, bialainne agus caifí, agus óstán ceithre réalta. Sa bhliain 2012, athosclaíodh an chaisleán tar éis athchóiriú a rinne taispeántas ag taispeáint stair an bhaile. Sa bhliain chéanna, osclaíodh an Gailearaí Luain , an chéad dánlann chomhaimseartha fhísiúil sa réigiún lár na tíre. Tógadh iarbhunscoil mhór sa bhaile i 2014 agus tá pleananna ann d'iarbhunscoil eile a thógáil.[3]

 
John McCormack

Daoine Cáiliúla ón Áth Luain cuir in eagar

Comhchathracha cuir in eagar

Comhchathracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar