CLG Áth an Mhuilinn (Luimneach)

Áth an Mhuilinn
Béarla: Milford
Bunaithe: 1999
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear A
Iomáint: Sóisear B
Dathanna: Gorm is dubhghorm
Páirc: Faiche na Rós, Caladh Uí Threoigh, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Áth an Mhuilinn.

Páirceanna inar imríodh cluichí Gaelacha i bParóistí Mhóin a’Lín agus Áth an Mhuilinn ó bhlianta na 1880í.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Mhuire Cúnamh na gCríostaithe timpeall Ollscoil Luimnigh i mbruachbhailte Caladh Uí Threoigh agus Áth na Coite ar thaobh thoir Cathair Luimnigh idir abhainn na Grúdan, na Sionainne agus na Maoilchéirne agus Bóthar Bhaile Átha Cliath. Toisc ná fuil ach daonra beag áitiúil sa pharóiste anois, tagann an-chuid dá imreoirí as contaetha eile.

Cluichí cuir in eagar

Bhí traidisiun na hiomána níos láidre sa cheantar ó bhunú CLG suas go dtí blianta na 1970í nuair a leathnaigh bruachbhailte na cathrach amach chuig Calaidh Uí Threoigh. Imrítear peil agus iomáint ach tá an pheil níos láidre sa chlub.

Stair cuir in eagar

Tá tagairtí ann faoi chluiche iomána a imríodh sa pharóiste i bpáirc in aice Crosbhóthar Chill Mhuire (san áit a bhfuil an Kilmurry Lodge Hotel suite anois) sa bhliain 1887 idir Máigh Rua agus Béal Átha Shiomóin. Bhí club ar leith darbh ainm Cill Mhuire sa cheantar le linn blianta tosaigh CLG agus bhí club eile as Áth na Coite ag imirt faoin ainm Craobh Emmet san am chéanna. Tá tuairiscí ann i nuachtáin an tráth sin faoi na sluaite móra a tháinig chun féachaint ar chomórtaisí peile agus iomána a d'eagar Cill Mhuire le linn blianta na 1890í.

Maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thit an dá chlub as a chéile le linn an an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus blianta na dTrioblóidí. Is é cluiche iomána a imríodh sa bhliain 1909 an tagairt deireanach a bhfuil ann anois do Chill Mhuire agus níl aon tuairisc faoi Chroabh Emmet níos déanaí ná comórtas iomána sóisear inar ghlacadar páirt i Mí Meán Fómhair na bliana 1919.

Le linn an tréimhse ò bhlianta na 1920í suas go dtí an bhliain 1957 nuair athbhunaíodh Móin a' Lín, d'imir iománaithe agus peileadóirí na háite le Átháin nó le Naomh Pádraig

Ós rud é nár scoilt paróiste Mhuire Cúnamh na gCríostaithe ó pharóiste Mhóin a' Lín go dtí an bhliain 1980, is é Áth an Mhuilinn an club is óige sa chontae faoi láthair. Cuireadh tús le foirne na n-óg sa bhliain 1999 agus le foirne sinsear sa pheil sa bhliain 2002 agus san iomáint sa bhliain 2004. Sular bhunaíodh an club, d'imir formhór iománaithe agus peileadóirí an pharóiste le Móin a' Lín.

Shroich Áth an Mhuilinn cluiche leathcheannais Peile Sóisear B Chontae Luimnigh i ndiaidh dóibh buachaint ar Phailís Chaonraoí i gcluiche ceannais na cathrach sa bhliain 2005 agus chailleadar cluiche ceannais Peile Sóisear A na Cathrach i gcoinne Na Piarsaigh sa bhliain dár gcionn.

Páirc Imeartha cuir in eagar

D'imir an club ar dtús in Ollscoil Luimnigh ach tá a bpáirc féin, Faiche na Rós, ar chíos acu ar bhruach na Sionainne i bPáirc Teicneolaíochta Plassey ón mbliain 2003. Ceaptar gur imríodh na céad cluichí Gaelacha sa cheantar ar an suíomh céanna ag deireadh an 19ú haois.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

 
Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh, Áth an Mhuilinn i gcoinne Tobar Phádraig sa chluiche leathcheannais, 28ú Lúnasa 2004

Imríonn Gearóid Óg Ó Coileáin (Ger Collins), ball d'fhoireann peile sinsir Luimnigh faoi láthair, le Áth an Mhuilinn agus ghlac iar-pheileadóirí an chontae le linn blianta na 1980í, Gearóid Ó Coileáin (Gerry Collins) agus Seosamh Ó Roideacháin (Joe Redington) páirt i mbunú an chlub.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).