CLG An Charraig Dhubh (Luimneach)

An Charraig Dhubh
Béarla: Blackrock
Bunaithe: 1988
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Sóisear B
Iomáint: Príomh Idirmheánach
Dathanna: Glas is bán
Páirc: Páirc Chuimhneacháin Mícheál Ó Sionnaigh ,Cill Fhionnáin, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club de chuid CLG i gContae Luimnigh é CLG An Charraig Dhubh.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Chill Fhionáin in nDeisceart Chontae Luimnigh ag bun Sliabh Riabhaigh idir Cill Mocheallóg agus Baile an Londraigh, 45km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Chill Fhionáin, ó cheantracha tuaithe an pharóiste máguaird ar nós Baile an Anama, Baile an Bhoscnóidigh, Baile Thomáis agus Garraí an Léisigh agus ó chenatracha tuaithe paróiste Ard Pádraig ar nós Ard Pádraig, Bóthar na bPotairí, Ard Ó bhFaoláin agus Gleann Oisín. Is féidir le peileadóirí as paróiste Eithbhinn imirt leis An gCarraig Dubh.

Ainm cuir in eagar

Tagann ainm an chlub ón gCarraig Dubh i Sliabh Riabhach a fhéachann síos ar an dá pharóiste Cill Fhionáin agus Ard Pádraig.

Cluichí cuir in eagar

Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an pheil sa chlub chomh maith. Tá béim dírithe go láidir i dtreo na hiomána.

Stair cuir in eagar

Bhí an iomáint á imirt i bparóistí Chill Fhionáin agus Ard Pádraig nuair a bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus, i ndiaidh rialacha caighdeánacha á ghlacadh don sport, thosnaigh foirne ón gceantar ag glacadh páirt i gcomórtaisi a bhí á eagrú i nDeisceart Chontae Luimnigh agus i dTuaisceart Chontae Chorcaí. Bunaíodh an chéad chlub sa cheantar faoin ainm Cill Fhionáin timpeall na bliana 1886 agus shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1890 nuair a bhuaigh Saor Theas orthu i Ráth Luirc, an t-aon uair amháin a imríodh an cluiche lasmuigh den chontae.

Is cosúil gur thit an club sin as a chéile le linn scoilt mhór an Pháirnéalaigh i gcluichí Gaelacha Luimnigh agus, nuair a atheagraíodh an Coiste Chontae ina dhiaidh sin, chláraigh an club go hoifigiúil sa bhliain 1894 faoin ainm Riobárd Emmett Cill Fhionáin. Ba ghairid go rabhadar arís i measc na gclubanna iomána ba láidre sa chontae agus bhuadar ar scór 4-9 i gcoinne 4-8 ar An gCeapach Mór i ndiaidh sár-chluiche ceannais i bPáirc an Mhargaidh i Luimneach chun Craobh Sinsear an Chontae na bliana 1897 a ghabháil.

Sa tráth sin, tháinig foireann an chontae ón gclub a bhuaigh craobh sinsear an chontae na bliana céanna. Bhuaigh Cill Fhionáin ar An gCarraig Dubh (Corcaigh) i gcluiche ceannais na Mumhan agus ar Thulach Ruáin (Cill Chainnigh) chun Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a thabhairt ar ais go Luimneach don chéad uair.

Ghabh iománaithe Chill Fhionáin Craobh Sinsear an Chontae arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuadar go trom ar Loch Goir ach ba í sin uair dheireanach a shroicheadar cluiche ceannais an chomórtais. Nuair a atheagaríodh craobhacha an chontae i ndiaidh na dTrioblóidí, ba chlub iomána sinsear fós iad ach bhíodar ag iomáint sa ghrád sóisear le linn blianta na 1930í. Bhuadar ar Cathair Fuinse chun Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt a ghabháil sa bhliain 1934 agus d’éirigh leo arís sna blianta 1940 agus 1944 ach níor tháinig faic chucu le linn blianta na 1950í agus na 1960í.

 
Foireann Na Carraige Duibhe a bhuaigh Srathchomórtas Peile Sóisear B Chontae Luimnigh i mBéal Átha Grean, 2ú Iúil 2009

Tá tuairiscí ann faoi fhoireann ag iomáint faoin ainm Ard Pádraig i gcoinne Craobh Emmet Cill Fhionáin, Cill Mocheallóg, Baile an Gharrdha, Tobar Phádraig agus Béal Átha Grean i gcomórtas Chill Mocheallóg sa bhliain 1895. Ghlac an fhoireann chéanna páirt i gCraobh Iomána Sinsear an Chontae na bliana sin agus bhuaigh Baile an Gharrdha orthu i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 1910 ach is beag trácht a bhfuil orthu ina dhiaidh sin go dtí gur chláraíodar arís sa bhliain 1927. Ba iománaithe sóisear iad ina dhiaidh sin ach bhí blianta ann nuair nár éirigh leo foireann a chur ar an bpáirc.

Tháinig na clubanna le chéile sa bhliain 1973. Ar dtús, d’imríodar faoin ainm Ard Pádraig sna blianta cothrorm agus faoin ainm Cill Fhionáin sna blianta neamh-chothrom agus ba mar Cill Fhionáin a bhuadar ar Bhrú na Déise chun Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt a ghabháil sa bhliain 1975. Sa bhliain 1982, d’imríodar faoin ainm Ard Pádraig nuair a sháraíodar ar Mháigh Rua i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sóisear A Chontae Luimnigh.

Ghlacadar An Charraig Dhubh mar ainm ar an gclub aontaithe sa bhliain 1988 agus bhíodar ag imirt iomána idirmheánaigh nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain chéanna. Ba chlub sinsear iad i ndiaidh dóibh Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh a bhuachaint sa bhliain 1993 ach d’filleadar ar ais ar an dara grád ar a dtoil féin sa bhliain 1999. Bhíodar ag imirt sa ghrád sóisear A sa bhliain dár gcionn agus tá siad ag iomáint fós ann.

Ba chlubanna sóisear peile peile i gcónaí iad Cill Fhionáin, Ard Pádraig agus an Charraig Dhubh. Bhuaigh Baile an Londraigh ar Chill Fhionáin i ndiaidh athimirte i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear an Deiscirt na bliana 1945.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Na Carraige Duibhe suite i mbaile Chill Fhionáin, 300m ó thuaigh ó lár an bhaile.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc iománaithe cáiliúla an chlub, tá Donnchadha Ó Greacháin (Dinny Grimes), captaen an chéad fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 1897, Seán Mac Cárthaigh (Jackie McCarthy), a d’imir ar fhoireann an chontae le linn blianta na 1980í, Pádraig Ó hIferanáin (Pat Heffernan) a bhí ar fhoireann Luimnigh le linn blianta na 1970í agus a mhac Pádraig Óg Ó hIfearnáin (Pat “Beefy” Heffernan) a d’imir i gcluiche ceannais Craobh Iomána na hÉireann na bliana 1994.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla)
  • “Man the Gap: A History of Blackrock GAA”, Greensmyth, Harry, 1997, (Béarla)