CLG An tOspidéal/Cathair Fuiseog

An tOspidéal/Cathair Fuinse
Béarla: Hospital/Herbertstown
Bunaithe: 1885
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Príomh Idirmheánach
Dathanna: Marún is dubh
Páirc: Páirc Eoin Naofa, An tOspidéal, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An tOspidéal/Cathair Fuinse.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste An tOspidéal/Cathair Fuinse in Oirthear Chontae Luimnigh ar theorainn Chontae Thiobraid Árann, 30km soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile An tOspidéal, ó bhaile Cathair Fuinse agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cloch an Bhiolair, Ráth Shiúrdáin, Cill Frois agus An Seanbhaile.

Cluichí cuir in eagar

Tá traidisiún láidir peile agus iomána sa cheantar agus imrítear an dá chód sa chlub.

Stair cuir in eagar

Nuair a tháinig CLG i bhfeidhm ar dtús, bhí an dá sport á imirt sa pharóiste. Bhí an lámh in uachtar ag an bpeil san Ospidéal agus ba í Cathair Fuince lárionad na hiomána sa cheantar. Bunaíodh club faoin ainm An tOspidéal go hoifigiúil sa bhliain 1885 agus d’imir siad faoin ainm Cnoc na mBua ar feadh roinnt blianta ag tús an 20ú haois.

Ba chlub sóisear é nuair a atheagraíodh na comórtaisí tar éis na dTrioblóidí agus shroich An tOspidéal cluiche ceannais Craobh Sóisear an Deiscirt sa dá chod sa bhliain 1926. Tháinig an chraobh chucu don chéad uair san iomáint sa bhliain 1929 i ndiaidh bhuachaint ar Fhánaithe na Camóige ach, cé go raibh foireann maith láidir acu ar feadh cúig bhliain déag ina dhiaidh sin, níor éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Chontae.

Tháinig scoilt le linn blianta na 1940í nuair a bhuníodh club iomána Cathair Fuinse, lean An tOspidéal san iomáint agus d’imir peileadóirí an pharóiste le club eile darbh ainm dó Cill Frois/An tOspidéal. Ghabh an club peile Craobh Sóisear an Deiscirt don chéad uair i ndiaidh dóibh shárú ar Ghallbhaile i gcluiche ceannais na bliana 1950 agus d’éirigh leo arís sna blianta 1955 agus 1956. Le linn na tréimhse céanna, d’imir peileadóirí Cathair Fuinse in éineacht le peileadóirí Cathair Laighin ar feadh roinnt blianta faoin ainm Cóstóirí Ráth Shiúrdáin.

Thit an iomáint agus an pheil i léig ina dhiaidh sin go dtí gur tháinig An tOspidéal agus Cathair Fuinse le chéile arís faoin ainm Na Fianna sa bhliain 1972. D’éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Deiscirt an bhliain dár gcionn ach d’éiríodar as an iomáint ar fad sna blianta 1975 agus 1976 nuair a bhí nasc i bhfeidhm le Cnoc Áine inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine. Tháinig an chéad theideal an chontae chuig an bparóiste nuair a bhuaigh Na Fianna ar Ulla i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1975.

Nuair a chuireadh deireadh leis an gcomhaontas le Cnoc Áine, thosnaíodar ag imirt iomána agus peile faoi ainm an pharóiste. Sa bhliain 1983, ba iad An tOspidéal/Cathair Fuinse an chéad chlub a bhuaigh Craobh Peile Sóisear A (i ndiaidh bhuachaint ar An nGleann) agus Craobh Iomána Sóisear A an Chontae (tar éis Ardach a chloí) sa bhliain chéanna.

I ndiaidh Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1989, shroich An tOspidéal/Cathair Fuinse trí chluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae as a chéile ach chailleadar i gcoinne Fánaithe Ghleann an Chorráin sa bhliain 1991, An Chaisleáin Nua Thiar sa bhliain 1992 agus Chlocháin sa bhliain 1993. Bhí an mí-ádh orthu ar a gceathrú iarracht chomh maith nuair a bhuaigh Baile an Londraigh othu sa bhliain 1999.

Ba chlub sinsear sa dá chód é An tOspidéal/Cathair Fuinse tar éis dóibh an bua d’fháil ar Shaor Theas i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 2002 ach níor fhan na hiománaithe ann ach ar feadh dhá bhliana. Thiteadar síos go dtí an tríú grád an bhliain dár gcionn ach d’filleadar ar an iomáint idirmheánach ar an gcéad iarracht nuair a bhuadar Craobh Sóisear A an Chontae don dara huair i ndiaidh dóibh Cróch/Cill na Fíonaí a shárú i gcluiche ceannais na bliana 2005.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha An tOspidéal/Cathair Fuinse suite in aice an tséipéil i mbaile An tOspidéal.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá na hiománaithe Séamus Ó Cearrbhaill (Jimmy Carroll), a bhí ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 1980, agus Damien Ó Roghaill (Damien Reale), captaen na foirne i gcluiche ceannais Craobh na hÉireann sa bhliain 1980; agus PS Ó Gairbheith (PJ Garvey) a bhí ar fhoireann Luimnigh a chaill cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • “Hospital-Herbertstown GAA: A Club History”, Greensmyth, Harry, 1998, (Béarla).