Mungairit
Béarla: Mungret
Bunaithe: 1929
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Idirmheánach
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Dearg is bán
Páirc: Móintín, Mungairit, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Mungairit.

Suíomh cuir in eagar

Tá sé bunaithe i bparóiste Mungairit ar imeall thiar Luimnigh, 7km ó lár na cathrach. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Mungairit, ceanntrair tuaithe máguaird ar nós Caimchín, Oileán Uí Dhubháin agus An Ráth Mhaol, bruachbhailte An Ráithín agus Gabhal Dá Bhóthar sa chuid thuaidh de pharóiste Mungairit agus ó bhruachbhailte Tuar an Dúill agus Baile Uí Chaoimh i bparóiste Naomh Pól. Cé go bhfuil club eile, Craobh Chumhra, ann i bparóiste Mungairit/Craobh Chumhra, is féidir le gach peileadóir agus iománaí as an bparóiste uile imirt le Mungairit.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear peil agus iomáint. Cé go raibh béim an pharóiste dírithe go mór i dtreo na hiomána suas go dtí blianta na 1980í, tá an pheil níos láidre sa chlub le deich mbliain anuas.

Stair cuir in eagar

Bhí an iomáint beo fós ar imeall Chathair Luimnigh nuair a bhunaíodh CLG sa bhliain 1884 agus cláraíodh club darbh ainm dó Mungairit timpeall bhliana 1885. Nuair a scoilt coiste an chontae go gairid ina dhiaidh sin, thit an club sin as a chéile, d'aistrigh formhór na n-imreoirí go dtí Saor Theas, an club iomána ba láidre i Luimneach ag an am a bhuaigh Craobh an Chontae sna blianta 1888, 1889 agus 1890.

Cuireadh tús le club nua faoin ainm Feachtasóirí Mungairit sa bhliain 1894 agus tá tuairisc ann foi chluiche a chailleadar i gcoinne Óglaigh na hÉireann Baile an Gharrdha i gCromadh i Mí Dheireadh Fómhair na bliana 1895. Bhí foireann iomána sách-láidir acu ag tús an 20ú chéad nuair a bhíodar an-ghníomhach i gcomórtaisí suas go dtí an bhliain 1904 ach is beag tuairisc a bhfuil ann fós faoi na Feachtasóirí ina dhiaidh sin.

Maraon le mórán ceanntair eile sa chontae, thit cluichí Gaelacha as a chéile sa pahróiste le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus na dTrioblóidí agus níor atheagraíodh club nua ann go dtí an bhliain 1929 nuair a chláraigh sé le Coiste an Chontae. Bunaíodh club eile, Craobh Chumhra, sa chuid theas de pharóiste Mungairit/Craobh Chumhra don chéad uair sa bhliain 1885 agus ath-eagraíodh é ar roinnt ócáid on am sin i leith. D'imir an dá chlub le chéile mar Mungairit/Craobh Chumhra idir na blianta 1961 agus 1968.

Cé gur tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chucu sa bhliain 1936 i ndiaidh dóibh buachaint ar An Ospidéal, sa bhliain 1940 tar éis dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar Chill Fhionáin agus arís sa bhliain 1945 nuair a sháraíodar ar Dhrom Chollachair sa chluiche ceannais, níor fhan Mungairit i bbhfad sa ghrád sinsear. Ba iománaithe sóisear iad an chuid is mó den am go dtí gur bhuadar ar Bhrú na Déise chun an Craobh Sóisear a ghabháil don cheathrú uair sa bhliain 1969. I ndiaidh dóibh buachaint ar An nGleann Rua i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach Luimnigh na bliana 1975, shroicheadar cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear na Cathrach sna blianta 1978, 1982 agus 1983 ach níor éirigh leo dul níos faide i gCraobh an Chontae. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, ba chlub iomána idirmheánach é Mungairit agus tá siad ag imirt gan stad sa ghrád chéanna ó shin i leith.

Bhí béim an chlub dírithe ar an iomáint suas go dtí gur bhuadar ar Ghearóid Ó Gríofa chun Craobh Peile Idirmheánach Luimnigh na bliana 1997 a ghabháil. Shroicheadar cluiche cheannais Craobh Peile Sinsear an Chontae sa bhliain 2001 ach chailleadar i gcoinne Drom Chollachair. Thiteadar síos go dtí an dara grád sa bhliain 2003, d'fhilleadar ar an gcéad iarracht nuair a sháraíodar ar Ghallbaile chun an Craobh Idirmheánch a bhuachaint don dara huair ach thiteadar as an bpríomhghrád arís sa bhliain 2007.

Páirc Imeartha cuir in eagar

 
Mungairit v Móin a' Lín, Craobh Iomána Sinsear Chathair Luimnigh sa Ráth Bhán ar an 6ú Bealtaine 2001.

D'imir Mungarirt ar thailte Chomhairle Chontae Luimnigh i sráidbhaile Mungairit go dtí gur osclaíodh a bpáirc imeartha féin i Móintín sa bhliain 2002.

Imreoiri Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann Luimnigh chomh maith, tá na h-iománaithe Liam Ó Donnchú (Liam O'Donoghue) a bhuaigh bonn Craobh na hÉireann sa bhliain 1973), agus Brian Ó Beaglaíoch (Brian Begley), ar imir ar fhoireann peile chontae chomh maith le linn blianta na 2000í.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • “Mungret-St. Pauls's Souvenir Booklet”, McNamara, Gerard, 2002, (Béarla).