Craobh Chumhra
Béarla: Crecora
Bunaithe: 1968
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sóisear B
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Uaine is ór
Páirc: An Sceachánnach, Craobh Chumhra, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Craobh Chumhra .

Suíomh cuir in eagar

Tá sé bunaithe i leath-pharóistí Craobh Chumhra, an chuid theas de pharóiste Mungairit/Craobh Chumhra i lár Chontae Luimnigh, 10km siar ó dheas ó lár Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí as sráidbhaile Craobh Chumhra agus na ceantracha tuathe máguaird ar nós Léim an Fhia, Cill Pheacáin agus An Sceachánach, ach is féidir le gach peileadóir agus iománaí as paróiste uile Mungairit/Craobh Chumhra imirt le Craobh Chumhra. Tagann chuid dá imreoirí as Mainistir chomh maith, paróiste ar thaobh theas Craobh Chumhra ná fuil aon club CLG ann.

Cluichí cuir in eagar

Imríonn Craobh Chumhra an pheil agus an iomáint ach bhí béim an chlub dírithe i gcónaí go láidir i dtreo na hiomána.

Stair cuir in eagar

Cé gur bhnaíodh club iomána i gCraobh Chumhra sa bhliain 1885, dúnadh agus ath-eagraíodh é ar roinnt ócáid on am sin i leith. Tá tuarisc ann ón mbliain 1885 faoi chomórtas iomána a imríodh i mBaile an Fhaoitigh inar bhuaigh Saor Theas thar Naomh Mícheál, Na Seamróga agus Craobh Chumhra.

Sna blianta ná raibh an club gníomhach, d'imir iománaithe na háite le club eile an pharóiste Mungairit, Saor TheasFeadamar. Bhí club dá chuid féin ag paróiste Mainistir ó am go ham le linn blianta tosaigh CLG. Tá cuntas ann ó Mhí Samhna na bliana 1895 faoi chluiche a chailleadar i gcoinne Saor Theas i mBaile Uí Shíoda agus bhíodar ag glacadh páirt i gcomórtaisí iomána i lár agus oirthear an chontae suas go dtí An Chéad Chogadh Domhanda.

D'imir Craobh Chumhra in éineacht le Mungairit mar Mungairit/Craobh Chumhra idir na blianta 1961 agus 1968. Nuair a scrios an club sin, bunaíodh an club Craobh Chumhra atá sa lá inniu ann.

Ba chlub beag sóisear é Craobh Chumhra suas go dtí an bhliain 2001 nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear B na Cathrach i ndiaidh an lámh in uachtar d'fháil ar Sháirséiligh na Mainistreach sa chluiche ceannais. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d'éirigh leo Baile Bricín a shárú chun Craobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh a bhuachaint. Sa bhliain 2007, shroicheadar cluiche leathcheannais Craobh Iomána Sóisear A an chontae.

Ós rud é go raibh club peile sinsear sa pharóiste le linn blianta na 200í, mealladh na himreoirí ab fhearr chuig Mungairit agus bhí blianta ann nuair ná raibh aon fhoireann dá chuid féin ag Craobh Chumhra i gCraobh Peile Sóisear B na Cathrach.

Páirc Imeartha cuir in eagar

 
Craobh Chumhra v Móin a' Lín, Srath-chomórtas Iomána Sóisear B Chathair Luimnigh i Móin a' Lín ar an 22ú Aibreán 2001.

Nuair a ath-bhunaíodh Craobh Chumhra, d’imríodar ar thailte a bhí ar chíos acu ó fheirmeoir na háite ach, nuair a fuair sé bás, ní raibh aon páirc imeartha ar feadh roinnt blianta. Sa bhliain 1988, cheannaíodar páirc i Sceach an Átha, lámh le sráidbhaile Craobh Chumhra ach atá suite i bparóiste Mainistir, agus osclaíodh í sa bhliain 1991.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

Ba é Pádraig Mac Aodha (Patsy Keyes) an chéad imreor as Craobh Chumhra a d’imir do chontae nuair a roghnaíodh é ar fhoireann peile Luimneach sa bhliain 1995.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).