CLG An Gleann Rua (Luimneach)
Béarla: | Glenroe | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1885 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Theas | ||||||||||||||
Peil: | - | ||||||||||||||
Iomáint: | Idirmheánach | ||||||||||||||
Dathanna: | Dubh is glas | ||||||||||||||
Páirc: | An Gleann Rua, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An Gleann Rua.
Suíomh
cuir in eagarTá an club le fáil i bparóiste thuaithe an Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin ar thaobh an tSléibhe Riabhaigh idir Cill Fionáin agus Baile an Londraigh i nDeisceart Chontae Luimnigh, 50cm soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an Ghleanna Rua ó bhailte fearainn an pharóiste ar nós Bhaile Uí Argáin, an Ghleanna Rua, An Chaoil agus Bhaile an Phiaródaigh, ó bhaile agus ó pharóiste Bhaile an Londraigh agus ó pharóiste Choill Bheithne/Ghleann na gCreabhar.
Cluichí
cuir in eagarAn [[iománaíocht amháin a imrítear sa chlub agus tá sé nasctha le Baile an Londraigh i gcomhair na peile. Imríonn iománaithe as Cill Beithne/Gleann na gCreabhar peil le Gaeil Ghailtí.
Stair
cuir in eagarCé go raibh traidisiún na hiomána beo i bparóiste an Ghleanna Rua roimh bhunú CLG, is í an pheil ba láidre sa cheantair ag deireadh an 19ú haois. Bunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1885 agus d'imir siad an pheil faoin ainm An Gleann Rua agus an iománaíocht faoin ainm Baile Uí Argáin.
D’éirigh go maith leo sa pheil ar dtús. Tá cuntas ann ó Mhí Mhárta na bliana 1896 ar chluiche idir an Gleann Rua agus Cill Dairbhre as Contae Chorcaí i gComórtas Peile Chill Fhionáin, cluiche a chríochnaigh gan scór ó cheachtar den dá fhoireann. Amach sa bhliain chéanna ba é an Gleann Rua an chéad chlub as deisceart an chontae a shroich cluiche ceannais Chraobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh nuair a bhuaigh na Trádálaithe orthu.
D'imir iománaithe Bhaile Uí Argáin chomh maith i gComórtas Chill Fhionáin na bliana 1896 agus tá tuairisc ann ar chluiche a chaill siad i gcoinne Bhrú Rí. Maraon le mórán ceantair eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iománaíocht go tapa sa pharóiste tar éis do Chill Fhionáin Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachaint ar son Luimnigh sa bhliain 1897. Ach ós rud é go raibh clubanna láidre ag teacht chun cinn sa cheantar ar nós Bhaile an Londraigh agus Chill Beithne sa pheil agus ar nós Chill Fhionáin agus Chill Mocheallóg san iománaíocht, níor éirigh leis an nGleann Rua i gcomórtas ar bith anuas go dtí na 1970í. Bhí blianta ann, go mór mór le linn na dTrioblóidí agus le linn na 1950í, nuair ba dheacair dóibh foireann a chur ar an bpáirc.
D'athraigh an scéal nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána Sóisear an Deiscirt den chéad uair tar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar Bhaile an Chaisleáin/Bhéal Átha Grean i gcluiche ceannais na bliana 1974. Lean siad ar aghaidh chun Craobh an Chontae a bhaint i ndiaidh dóibh Cathair Laighin a shárú.
Sna blianta díreach ina dhiaidh sin buadh orthu trí huaire as a chéile i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae, i gcoinne Mhungairit sa bhliain 1975, i gcoinne Fheadamar sa bhliain 1976 agus i gcoinne na Dromann/an Átha Leacaigh sa bhliain 1977, agus b’éigean dóibh filleadh ar an iománaíocht shóisearach nuair a cuireadh deireadh leis an ngrád idirmheánach sa bhliain 1978. Tháinig siad ar ais chuig an dara leibhéal i ndiaidh dóibh buachaint ar Eithbhinn chun Craobh Iomána Sóisear A Contae Luimnigh a ghabháil den dara huair sa bhliain 1992.
Chuir athbheochan na peile i mBaile an Londraigh le linn na 1990í isteach ar an iománaíocht sa Ghleann Rua ar feadh bliana nó dhó agus d’iompaigh an roth orthu sa bhliain 1999. Ach bhí siad ar ais ag imirt san iománaíocht idirmheánach an chéad iarracht eile nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear A an Chontae chuig an nGleann Rua den tríú huair sa bhliain 2000. Ba bheag nár chlub sinsearach iad cúig bliana ina dhiaidh sin ach, d'ainneoin na sáriarrachta a rinne siad ag deireadh cluiche ceannais Chraobh Iomána Idirmheánach an Chontae, lig siad tharstu an deis i gcoinne Ghreanaí/Bhaile an Gharraí.
Níl aon trácht ar pheil sa chlub ó na 1920í nuair a atheagraíodh na comórtaisí i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad. Tá formhór pheileadóirí an pharóiste ag imirt le Baile an Londraigh ón am sin i leith.
Páirc Imeartha
cuir in eagarTá páirc imeartha an chlub suite sa Ghleann Rua lámh leis an séipéal agus leis an scoil náisiúnta.
Imreoirí Cailiúile
cuir in eagarD’imir Micheál Ó Briain (Mike O’Brien) ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Chraobh Iomána Sinsearach na hÉireann na bliana 2007. Bíonn Seán Ó Murchú (Johnny Murphy), peileadóir an chontae sna blianta dhá mhíle, ag iománaíocht leis an nGleann Rua.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla)
- “Glenroe Memories”, Fennessy, JJ, 1994, (Béarla)