Pailís na Gréine
Béarla: Pallasgreen
Bunaithe: 1887
Contae: Luimneach
Roinn: Thoir
Peil: Sinsear
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Gorm is buí
Páirc: An Garrán Beag, Pailís na Gréine, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Pailís na Gréine.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin in Oirthear Luimnigh, 22km soir ó dheas ó Cathair Luimnigh thart ar bhóthar an N24. Tagann formhór dá imreoirí ó na bailte Pailiís Na Gréine, An Seanphailís agus An Coinicéar agus sna ceantracha tuaithe máguaird ar nós Rás, An Bhreac-choill agus An Garrán Mór. Tá club eile, An Cnocán, sa leath theas den pharóiste timpeall Carraig an tSáirséalaigh ach is féidir le gach peileadóir agus iománaí as paróiste uile Pailís na Gréine/Teampall Uí Bhríodáin imirt le Pailís na Gréine.

Cluichí cuir in eagar

Cé go raibh traidisiún na peile níos láidre sa pharóiste suas go dtí An Dara Chogadh Domhanda, tá an bhéim chéanna ar an dá chód sa chlub faoi láthair.

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an club go hoifigiúil sa bhliain 1887 i gceantar ina raibh cluichí Gaelacha á imirt ar feadh blianta roimh bhunú Cumann Lúthchleas Gael. Bhí trí fhoireann peile láidir ann le linn blianta na 1890í agus d’aistirgh imreoirí idir Pailís na Gréine, An Cnocán agus Úlla ó bhliain go bliain. San am chéanna, bhí mór-tradisiúin lúthchleasaíochta sa pharóiste chomh maith, go mór mór i gcaitheamh an mheácain, an chasúir agus an teasc, agus é eagraithe mar chuid den chlub. D’éirigh le fear as an bPailís, Pádraig Ó Riain, bonn ór a bhuachaint sa chasúr i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1920 agus é ar fhoireann Mheiriceá.

Bhuaigh Na Trádálaithe ar Phailís na Gréine, a bhí nasctha leis An gCnocán faoin ainm Pailís Aontaithe sa bhliain sin, i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1897 agus bhí roinnt imreoirí ón bparóiste ar fhoireann Úlla a ghabh an chorn sa bhliain 1900. Shroich An Cnocán an cluiche cheannais dhá bhliain ina dhiaidh sin ach chailleadar i gcoinne Na Trádálaithe.

Maraon le mórán ceantracha eile i ndeisceart agus in oirthear an chontae, d’fhás an iomáint go tapaidh sa chuid thuaidh den pharóiste le linn blianta na 1900í agus bhuaigh Pailís na Gréine Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1915 tar éis dóibh buachaint ar Ghreanach sa chluiche cheannais. Níor raibh aon ádh ag an gclub sna blianta ina dhiaidh sin i gomórtaisí an chontae suas go ti deireadh An Dara Cogadh Domhanda nuair a rugadar Craobh Sóisear na peile leo sna blianta 1948 agus 1956 agus an iomáint arís sa bhliain 1958.

I ndiaidh dóibh sárú ar Naomh Mhuire, Ráth Caola chun craobh sóisear an chontae a bhuachaint arís sa bhliain 1968, shroich iománaithe Pailís na Gréine cluiche cheannais Craobh Sinsear an Chontae na bliana dár gcionn ach bhuaigh Tobar Pádraig orthu. Le fiche bliain anuas, tá príomhfhoireann iomána an chlub ag dul suas agus síos idir na gráid sinsear agus idirmheánach. Tar éis dóibh buachaint ar Bhaile Bricín i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1995, thiteadar ar ais afg deireadh na bliana 2000. D'éiríodar arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuadar ar An Dromainn/An tÁth Leacach chun an chraobh idirmheánach a ghabháil don dara huair ach níor fhanadar ach dhá bhliain sa phríomh-ghrád agus is club iomána idirmheánach é Pailís na Gréine ó shin i leith.

Níor éirigh go maith leis an bpeil i bPailís na Gréine ó bhlianta na 1960í suas go go dtí an bhliain 1994 nuair a bhuadar Craobh Peile Sóisear an Chontae don tríú uair sa bhliain 1994. I ndiaidh bhuachaint ar Bhaile Stiabhana chun Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a ghabháil sa bhliain 2005, shroicheadar cluiche ceannais Craobh Peile na gClub Idirmheánach na Mumhan ach chailleadar i goinne Raonaithe Caribre as Corcaigh.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Paili na Gréine suite i mbaile Pailís na Gréine ar bhóthar Cathair Fuinse.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla Pailís na Gréine, tá Risteárd de Stóc (Dick Stokes), iománaí ar fhoireann iomána Luimnigh le linn blianta na 1940í, agus Lorcán Ó Duibhír (Lorcan O’Dwyer) atá ar fhoireann peile an chontae faoi láthair.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
  • “Face the Ball, Pallas”, O’Connell, Gerard , 2004, (Béarla).