CabairE

Suíomh ríomhfhoghlama na Gaeilge le cabhair theicneolaíocht shintéis urlabhra

Is cuid den tionscadal ABAIR "An Sintéiseoir Gaeilge" (www.abair.ie) é CabairE. Tá ABAIR lonnaithe sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Bainean ABAIR úsáid as na teicneolaíochtaí sintéise is nuaí chun glórthaí sintéise don Ghaeilge a fhorbairt. Is iomaí feidhm atá le glórthaí sintéise. Cuireann sintéiseoirí ar chumas daoine atá faoi mhíchumas radhairc ríomhairí a úsáid, mar shampla. Is féidir freisin cluichí idirghníomhacha a dhéanamh a chabhróidh le daltaí scoile is foghlaimeoirí teanga.

Tá an tionscadal CabairE maoinithe ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).

Feidhmeanna cuir in eagar

Is áis litearthachta don Ghaeilge é CabairE a chabhróidh leat litriú na Gaeilge a shealbhú. Tugtar cabaire ar dhuine atá cainteach (nó ró-chainteach), agus is amhlaidh atá an scéal le CabairE. Léann CabairE na habairtí amach i nGaeilge - tá an rogha agat idir Gaeilge Thír Chonaill, Gaeilge Chonamara agus Gaeilge Chorca Dhuibhne - agus déantar na habairtí is na focail a aibhsiú ag an am céanna sa gcaoi is go bhfuiltear in ann an téacs a leanacht focal ar fhocal. Agus an guth ag léamh téacs amach, déantar aibhsiú ar an bhfocal áirithe atá á léamh sa chaoi is go mbeidh sé níos fusa an téacs a leanúint focal ar fhocal.

I

Guthanna cuir in eagar

Tá a rogha canúna ag úsáideoir an tsuímh ó tá ceithre 'ghuth' ag an sintéiseoir:

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar