Cad É Sin Don Té Sin?

Dán traidisiúnta as Éireann

Amhrán traidisiúnta Gaeilge is ea Cad é sin don té sin?.

Infotaula de cançóCad É Sin Don Té Sin?
Cineáldán
Ceol traidisiúnta na hÉireann
Teangaan Ghaeilge

Liricí cuir in eagar

Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó

Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim go coill chraobhach ag piocadh sméara nó cnó 'Baint úllaí de ghéaga nó 'bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse chuig airneál is rince is spórt Chuig aonach is rásí's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earra gan éadáil, gan bólacht ná stór Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Tá aithne agam ar chailín deas cheasta is cóir A píob mar an eala 's a leacain mar rós Má bhíonn sí is mise un inid faoí sheol Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór

Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar