Caisleán Bhaile na Manach

Caisleán Bhaile na Manach suite i mbruachbhailte Bhaile Átha Cliath.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Bhaile na Manach
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Bhaile Átha Cliath, Éire
Map
 53°17′20″N 6°09′02″W / 53.28889°N 6.150615°W / 53.28889; -6.150615
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir494

Stair cuir in eagar

Sa mheánaois bhí feirm mhór timpeall ar an gcaisleán seo a bhí ag na manaigh Cistéireacha ó Mhainistir Mhuire i gcathair Bhaile Átha Cliath.[1]

Nuair a díscaoileadh Mainistir Mhuire sa bhliain 1540 bronnadh an caisleán i mBaile na Manach ar John Travers a tháinig go hÉirinn as Corn na Breataine. Bhí Travers ina Mháistir Ordanáis agus ina Fheidhmeannach Seomra don Rí.

Le linn ré Chromail, bronnadh an caisleán ar an nGinearál Edmund Ludlow, Máistir Eachra Chromail in Éirinn, agus duine de shínitheoirí bharántas báis Shéarlas I.

Tá a fhios againn ó sheanphéintéireachtaí gur chaisleán mór a bhí anseo le roinnt mhaith foirgneamh ann. Tá go leor acu sin imithe le fada áfach.[1]

Inniu cuir in eagar

Sa lá atá inniu ann, tá an bunteach geata fós ann le boghta mór lastuas, chomh maith le túr mór trí stór a bhí mar chuid de halla mór atá imithe le fada.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 National Monuments Service - Archaeology.ie. "Caisleán Bhaile na Manach". Dáta rochtana: 2021.


Tagairtí cuir in eagar