Caisleán Choill an Chollaigh

Bhíodh Caisleán Choill an Chollaigh lonnaithe i gCoill an Chollaigh, Contae an Chabháin. Leagadh an caisleán sna 1970idí. Tá siúlóid 3 chiliméadar ann ar an suíomh anois.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Choill an Chollaigh
Íomhá
Sonraí
CineálTeach mór tuaithe
Foirgníocht1613 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
SuíomhCoill an Chollaigh
Map
 53°55′45″N 6°59′27″W / 53.9293°N 6.9907°W / 53.9293; -6.9907

Stair an chaisleáin cuir in eagar

Is stair fhada chorrach atá ag roinnt leis an suíomh ar ar tógadh an caisleán. Tá fianaise áirithe ann as a dtuigfí gur thug Daire Ó Nialláin, a bhí i gceannas ar an teaghlach ar leo an dún ar thaobh eile an Locha an tráth sin, an mullach cnoic seo dá mhac, Cormac, chun go ndéanfadh sé séipéal a thógáil agus a chothabháil air. Rinne Cormac amhlaidh go hómósach. D’imigh Cormac ón áit seo chun bheith ina ab agus, ina dhiaidh sin, ina Easpag ar Ard Mhacha go déanach sa 5ú Céad.

Ar aghaidh linn anois chuig tréimhse roimh Plandáil Uladh. Tá seans maith ann gur bhain craobh de mhuintir Raghallaigh, as áit gar d’Achadh an Iúir, úsáid as an mullach cnoic seo mar urphost, agus leas á bhaint acu as teach daingean chun súil a choimeád ar an talamh i bhfíorimeall a gcríche.

Sa bhliain 1610, agus Plandáil Uladh ar siúl ag Séamas I, bronnadh 1,000 acra i dTóin re Gaoith (Tonergie sa doiciméad) i mBarúntacht Chlann Chaoich ar fhear darbh ainm William Bailie, as Sír Inbhear Áir in Albain. Ceanglaíodh ar an bhfear sin fál a chur timpeall ar eastát de 350 acra, bábhún a dhéanamh agus teach daingean nó caisleán a thógáil laistigh den bhábhún. Bhí air líon teaghlach as Albain a lonnú ar an eastát agus ceanglaíodh air freisin aontaí agus margaí a reáchtáil agus cúirteanna a bhunú. Faoin mbliain 1629, bhí a chaisleán tógtha aige agus ní hamháin go raibh a theaghlach féin aistrithe isteach aige chun cónaí ann ach bhí 28 dteaghlach as an mBreatain ina gcónaí in aice leo. Bhí beirt mhac ag William Bailie. Bhí duine acu ina Easpag ar Cluain Fearta sa bhliain 1646. William Bailie a bhí air siúd freisin agus fuair sé na tailte le hoidhreacht sa bhliain 1648 nuair a d’éag a athair.

Easpag Anglacánach ab ea William agus bhí iníon amháin aige, Anne, a phós James Hamilton as Corr an Aoire, gar don áit seo. Nuair a fuair an t-easpag bás sa bhliain 1666, aistríodh an t-eastát chuig muintir Hamilton. Fuair garmhac James Hamilton, a raibh an t-ainm céanna air, na tailte le hoidhreacht an tráth sin. Sa bhliain 1720, bronnadh cairt air siúd chun margaí agus aontaí a eagrú i mbaile Choill an Chollaigh, láimh leis an gcaisleán. Sa bhliain 1724, dhíol muintir Hamilton na tailte le Major Charles Stewart, fear saibhir. Bhí mac an duine sin, William, ina ardsirriam ar an gCabhán agus d’éirigh leis a bheith ina Fheisire Parlaiminte don cheantar níos déanaí. Ghlac mac eile an Major Stewart, Charles, cúraimí an tiarna talún air féin tar éis bhás a athar. Ba dhlíodóir i mBaile Átha Cliath é an mac sin agus bhí sé ina Fheisire Parlaiminte don Chabhán freisin go dtí go bhfuair sé bás go hanabaí i dtimpiste sa bhliain 1795. Aistríodh na tailte chuig a nia, Thomas Charles Stewart Corry, ó Mhuineachán. Creidtear nár chuir seisean mórán suime san áit a chothabháil toisc gur measadh é a bheith faoi aois ag an am. Sa bhliain 1814, dhíol sé na tailte le Sir William Young, stiúrthóir ar an East India Trading Co, fear a bhí tar éis filleadh ar a fhód dúchais chun maireachtáil in Ard Mhacha sular cheannaigh sé na tailte i gCoill an Chollaigh. Bhog seisean isteach sa chaisleán lena theaghlach agus thug sé faoi bhaile Choill an Chollaigh, mar atá sí inniu, a fhorbairt. Leagadh amach an Phríomhshráid, an Teach Cúirte, Teach an Mhargaidh agus an eaglais de chuid Eaglais na hÉireann ag bun na Príomhshráide sa bhliain 1817 agus rinneadh tuilleadh forbartha orthu sna blianta ina dhiaidh sin.

An 28 Lúnasa 1821, rinneadh bairnéad de Young agus tugadh “Lieut. Col. Sir William Young Bt of Bailieborough Castle, Co. Cavan” air as sin amach. Ba é an mac ba shine aige, John, a tháinig i gcomharbacht air, duine a rugadh in Bombay (Mumbai) san India an 31 Lúnasa 1807. Bhí gairmré chlúiteach ag John Young mar pholaiteoir ar scála domhanda. Fuair sé a chuid oideachais in Eton agus Oxford, agus b’fheisire parlaiminte é faoin mbliain 1831. Sa pharlaimint, ceapadh ina Thiarna ar an Státchiste é ó 1841-1844 agus ina Chomhrúnaí ar an Státchiste ó 1844-1846. Ina dhiaidh sin, ceapadh ina Phríomhrúnaí d’Fhear Ionaid an Rí in Éirinn é ó 1852-1855. Ba chomhalta é den Ríchomhairle d’Éirinn agus don Bhreatain Mhór an tráth sin, freisin. Sa bhliain 1855, ceapadh é ina Thiarna-Ardchoimisinéir ar na hOileáin Iónacha, amach ó chósta na Gréige. Sa bhliain 1861, ceapadh é ina Ghobharnóir ar New South Wales na hAstráile, post a bhí aige go dtí an bhliain 1867. Tá roinnt áiteanna san Astráil a ainmníodh as, ina measc baile ar a bhfuil ‘Young’ i lár limistéar ar a dtugtar ‘Youngshire’, ceantar a mbíodh cáil na dianmhianadóireachta óir air. Sa bhliain 1868, tugadh coimisiún dó a bheith ina Riarthóir ar rialtas Thiarnas Cheanada. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, rinneadh “Baron Lisgar, of Lisgar and Bailieborough, Co. Cavan, Ireland” as. Bhí sé i mbun oifige i gCeanada i rith Éirí Amach na bhFíníní agus Éirí Amach na hAbhann Rua. Bhí de cháil ar Young gur pholaiteoir cumasach é agus go raibh meon neamhspleách aige i rith a ghairmré. B’éigean dó dul ar scor de dheasca easláinte sa bhliain 1872. Ar fhilleadh ar Éirinn dó, ceapadh é ina Fhear Ionaid an Rí do Chontae an Chabháin agus bhí an teideal seo aige go dtí go bhfuair sé bás sa chaisleán an 6 Deireadh Fómhair 1876. Bhí sé 69 mbliana d’aois.

Phós a bhaintreach, Lady Lisgar, uair amháin eile an 3 Lúnasa 1878, nuair a phós sí Sir Francis Charles Fortescue Turville K.C.M.G ó Bosworth Hall. Bhí seisean ina phríomhrúnaí ag Lord Lisgar ar feadh 20 bliain le linn do Young a bheith ina phoist sna nOileán Iónacha, san Astráil agus i gCeanada. Fuair Lady Lisgar bás in Bosworth Hall sa bhliain 1895 ach, i gcomhréir lena huacht, adhlacadh í i dteannta Lord Lisgar i gCoill an Chollaigh ar thailte Eaglais na hÉireann ar an bPríomhshráid. Tar éis bhás Lady Lisgar, cuireadh an t-eastát ar ceant ar deireadh i mBaile Átha Cliath faoi The Ashbourne Act, 1900. Bhí beagán le cois 760 acra i gceist leis an gcaisleán agus na tailte agus ba é Henry Cochrane a cheannaigh iad. Dhíol seisean an mhaoin ina dhiaidh sin lena nia, WLB Cochrane, aturnae a raibh cáil áirithe air i gceantar Choill an Chollaigh.

Sa bhliain 1915, cheannaigh na Bráithre Muireacha as Baile Átha Luain an caisleán agus 100 acra ó rannóg foraoiseachta na Roinne Talmhaíochta a bhí ann ag an am. D’úsáid na Bráithre an caisleán mar ionad dá gcliarscoil go dtí an bhliain 1936. An bhliain sin, dhíol siad na tailte agus d’imigh siad leo as an gceantar. Réab dóiteán mór trí sciathán thoir an phríomhfhoirgnimh sa bhliain 1918 agus ní raibh an caisleán arís ina dhiaidh sin mar a bhí an lá ab fhearr é d’ainneoin gur athchóirigh agus gur atóg na Bráithre Muireacha an foirgneamh a mhéid a d’fhéad siad.

Bhí ar a laghad dhá theaghlach áitiúla ina gcónaí i bhfoirgnimh a bhí buailte leis an gcaisleán go dtí gur leagadh é go luath sna 1970idí.

Is le Coillte an talamh anois agus déanann siad bainistíocht ar an áit seo a bhfuil a stair folaithe faoi bhrat na foraoise.

Naisc sheachtracha cuir in eagar