Caisleán Lé
Fothrach de caisleán meánaoiseach in aice le Cúil an tSúdaire, Co. Laoise is ea Caisleán Lé. Tógadh caisleán adhmaid ag deireadh an 12ú haois nó tús an 13ú haois agus cuireadh caisleán cloiche níos déanaí ina áit.[1] Is ón 13ú haois is mó atá iarsmaí an chaisleáin agus tá daingean ceithre stór agus teach geata ann.[2]
Caisleán Lé | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Móta agus bábhún agus caisleán fáinneach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Laoise, Éire | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | leacastle.ie | |||
Ba le muintir Mhic Gearailt an caisleán, a raibh an teideal Iarla Chill Dara acu ó 1316 i leith. Sna 1290idí chuaigh na FitzGerald i ngleic go dian leis an Risteard de Burgh, 2ú Iarla Uladh, agus i 1294–5 bhí sé ina phríosúnach i gCaisleán Lé ar feadh roinnt míonna, go dtí gur éirigh leis an bParlaimint é a scaoileadh saor.[3]