Caitlín Ní Chualáin

amhránaí Éireannach

Amhránaí sean-nóis as an Teach Mór Thiar, Indreabhán, Contae na Gaillimhe is ea Caitlín Ní Chualáin.[1] Bhuaigh sí Comórtas na mBan ag Oireachtas na Samhna in 2005, 2008, agus 2014, agus thug sí Corn Uí Riada léi in 2016.[2] B'amhránaí aitheanta a hathair freisin, Máirtín Pheaits Ó Cualáin.

Infotaula de personaCaitlín Ní Chualáin
Beathaisnéis
BreithIndreabhán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
AthairMáirtín Pheaits Ó Cualáin
Gradam a fuarthas

Twitter: caitlinpheaits Spotify: 1aAVE1TPj9M9pu2TYR3KLn Cuir in eagar ar Wikidata

In 2019, ceapadh Ní Chualáin ina hamhránaí cónaithe in hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.[3]

Ceapadh í ina hEagarthóir Stiúrtha Clár ag Raidió na Gaeltachta in 2021, ag teacht i gcomharbacht ar Sheán Ó hÉanaigh. Roimhe sin, bhí sí ag obair leis an stáisiún i rannóg na nuachta.[1]

Tagairtí cuir in eagar