Máirtín Pheaits Ó Cualáin
amhránaí Éireannach
Amhránaí sean-nóis as an Teach Mór, Indreabhán, Contae na Gaillimhe ab ea Máirtín Pheaits Ó Cualáin (1922–2013).[1] Chaith sé tréimhse i mBaile Átha Cliath sna 1940idí ag obair le Bord na Móna i bPáirc an Fhionnuisce, agus b'annamh a chaill sé an tOireachtas lena linn sin. D'fhill sé ar Chonamara i 1957, phós sé Máire Ní Choisdealbha, agus thóg siad ochtar clainne. Glacann a mac Mícheál Ó Cualáin agus a n-iníon Caitlín Ní Chualáin páirt i gcomórtais amhránaíochta sean-nóis;[2] thug Caitlín Corn Uí Riada léi in 2016.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Samhain 1922 An Teach Mór, Éire |
Bás | 23 Márta 2013 90 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Páiste | Caitlín Ní Chualáin |
Tá amhráin de chuid Máirtín Pheaits ar fáil ar an dlúthdhiosca Traditional Songs From Connemara a chuir Cló Iar-Chonnacht amach in 2002 nuair a bhí sé 80 bliain d'aois.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Máirtín Pheaits Ó Cualáin — Taisce Chois Fharraige". Dáta rochtana: 2024-01-20.