Cambra-Normannach
Is éard is Cambra-Normannach ann ná téarma a úsáidtear chun tagairt shainráite a dhéanamh do na ridirí Normannacha a lonnaigh i ndeisceart na Breataine Bige tar éis choncas na Normannach ar Shasana sa bhliain 1066. Tugann roinnt staraithe le fios go bhfuil an téarma níos fearr ná an téarma Angla-Normannach do na Normannaigh a rinne ionradh ar Éirinn tar éis 1170 — cuid mhaith acu ón Bhreatain Bheag i dtosach.[1]
Cineál | grúpa daoine |
---|
Is é an sampla is suntasaí ná Risteárd de Clare, a raibh tailte aige sa Bhreatain Bheag, dírithe ar Phembróc (Breatnais: Penfro) agus a bhí i gceannas ar ionradh na Normannach ar Éirinn.
Chomh maith le tiarnaí Cambra-Normannacha den sórt sin, ba theaghlaigh dhúchasacha de chuid na Breataine Bige iad cuid de na teaghlaigh is mó le rá in Éirinn, lena n-áirítear Breatnach (Béarla: Walsh), Seoige (Béarla: Joyce) agus Ó Gríobhtha (Béarla: Griffith), a tháinig le hionradh na Normannach. Bhí sloinnte Breatnacha eile ar nós Taaffe a tháinig ag an am seo freisin thar a bheith tábhachtach i measc phobal na Páile.
Mar sin féin, is dócha gurb é Mac Gearailt (Béarla: FitzGerald), ar a dtugtar Gael-Normannach chomh maith, an sloinne is aithnidiúla.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Bradley, John; Francis X. Martin (1988). "Settlement and society in medieval Ireland: studies presented to F.X. Martin" 2 of Irish studies: 193. Boethius Press,. Dáta rochtana: 07/11/09.