Géineas de phlandaí bláthanna is ea an cannabas nó an chnáib a chuimsíonn trí speiceas toimhdean, Cannabis sativa,[1] Cannabis indica,[1] agus Cannabis ruderalia. Ullmhóid ón bplanda Cannabis sativa atá ann, a úsáidtear go forleathan mar dhruga caithearnh aimsire, mar gheall ar a airíonna meidhréiseacha scaoilteacha.[2] Is as an bplanda seo a fhaightear an raithneach a chaitear go forleathan timpeall na cruinne.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCannabas
Cannabis Cuir in eagar ar Wikidata

Cannabis sativa Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo dehemp oil (en) Aistrigh agus kief (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhaicéin Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineCannabaceae
GéineasCannabis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochCannabis sativa Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar cnáib ar an bplanda freisin, agus faightear eastóscthaí uaidh mar "haisis" is mairiuana. Baineadh úsáid as cannabas, le fada, le haghaidh snáithín (cnáib), chun críocha leighis, agus mar dhruga áineasa.

Grianghraf gar-amhairc d'ola cannabais ag deireadh snáthaide

Tréithe cuir in eagar

Planda bliantúil a fhásann 2.5 m ar airde, na duilleoga le 5-7 maothán caol fiaclach spréite cosúil le méara, na bláthanna bídeacha glasa i gcrobhaingí foirceannta.

Na fireannaigh is na baineannaigh ar phlandaí difriúla. Dúchasach don Áise,

Foinse snáithíní rópa is síolta éan, chomh maith le roisín támhshuanach.

Tá na trí thacsón seo dúchasach san Áise Láir, agus san Áise Theas[3] ach fástar go forleathan i dtíortha eile é.

THC cuir in eagar

Is é teitrihidreacannabionól an comhábhar gníomhach ann. Is móilín shícighníomhach é THC a thugann 'na ribí' duit agus a bhaineann le marachuan.

Roghnaítear plandaí a tháirgeann a lán snáithíní agus teitrihidreacannaibionól nó THC, le haghaidhx táirgí thionsclaíoch.

Sintéisíodh an THC den chéad uair i 1967.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Cannabis sativa information from NPGS/GRIN".
  2. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. "Marijuana and the Cannabinoids", ElSohly (p.8)