In Miotaseolaíocht na nGael, ceapadóir na cláirsí ab ea Cana Cludhmór nó Clúmór,[1] agus luaitear í go minic mar bhandia an cheoil, an spreagtha agus na dtaibhreamh. Tá botún cló ina hainm i roinnt foinsí, sé sin, Canola.[2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCanola
Cineálcarachtar miotasach Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis argóinte lena fear céile, Machuel, d'fhág sí an teach ag meánoíche ar siúlóid chun a ceann a ghlanadh. Chuala sí ceol binn sa ghaoth, agus suaimhníodh ar ball beag a chnap codlata í ar an trá. Agus í dúisithe ar mhaidin, thuig Cana gurbh í an ghaoth a bhí ag canadh an cheoil, ag séideadh trí fhéitheoga leathlofa, fós ceangailte le creatlach mhíl mhóir. Spreag é seo í an chláirseach a dhearadh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Ossianic Society (1854). "Transactions of the Ossianic society for the years, 1853-1858". Dublin : Printed under the direction of the council. 
  2. Patricia Monaghan (2004). "The encyclopedia of Celtic mythology and folklore": 74–. Infobase Publishing. Dáta rochtana: 13 Feabhra 2012. 
  3. Brandi Auset (2009). "The Goddess Guide: Exploring the Attributes and Correspondences of the Divine Feminine": 22. Llewellyn Publications. Dáta rochtana: 25 Eanáir 2017.