Préachán

géineas éan
(Athsheolta ó Caróg)

Is éan é an préachán[1], nó an charóg. Éan an-éirimiúil atá ann.[2]Is Corvidae iad na préacháin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPréachán
Corvus Cuir in eagar ar Wikidata

Caróg Mheiriceánach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Fad27 in agus 17.5 in Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineCorvidae
GéineasCorvus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758

Sanasaíocht

cuir in eagar

Iasacht atá ann, mar a bheifí ag súil leis, ós rud é go dtosaíonn an focal seo leis an litir "p", nach raibh sa Ghaeilge Ársa ar chor ar bith. Tháinig "p" isteach sa Ghaeilge in éineacht le hiasachtaí ón Laidin, mar shampla "pobal" ("populus"), "póg" ("pacem"), agus "proinn" ("prandium"). Ar dtús "éan creiche" a bhí i gceist le "préchán": seabhac, fiach, srl. Meastar go bhfuil baint aige le "praesagus" na Laidine, focal atá le fáil sa téarma "(avis) praesaga" (éan míshéanmhar) i Laidin na Meánaoise.

Seanfhocal agus nathanna cainte

cuir in eagar
  • Nár phioca na préacháin do chruach
  • Síleann an préachán gur deise a éan féin ná aon éan eile sa gcoill
  • Mallacht na bpréachán ort
  1. “Corvus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. http://news.bbc.co.uk/2/hi/science/nature/4286965.stm