Carlo Levi
Ealaíontóir, dochtúir agus scríbhneoir Iodálach ab ea Carlo Levi, a tháinig ar an saol i dTorino ar an 29 Samhain 1902 agus a fuair bás sa Róimh ar an 4 Eanáir 1975. Chuala an saol mór iomrá ar an leabhar Cristo si è fermato a Eboli ("Níor tháinig Críost ach go hEboli"), inar phléigh Levi an seal a chaith sé ar díbirt i mbaile beag bocht i nDeisceart na hIodáile, Aliano ("Gagliano" sa leabhar) go gairid roimh an Dara Cogadh Domhanda. Tagairt is ea teideal an leabhair don nath a bhí ag muintir na háite: ní Críostaithe sinn, nó níor tháinig Críost ach go hEboli (an chathair is cóngaraí d'Aliano).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Samhain 1902 Torino, An Iodáil |
Bás | 4 Eanáir 1975 72 bliana d'aois an Róimh, An Iodáil |
Siocair bháis | Niúmóine |
Áit adhlactha | Aliano |
Ball de Sheanad na hIodáile | |
16 Bealtaine 1963 – 4 Meitheamh 1968 Téarma parlaiminte: 4th Legislature of Italy (en) | |
Ball de Sheanad na hIodáile | |
1963 – 1972 Téarma parlaiminte: 3rd Legislature of Italy (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Torino |
Teanga dhúchais | an Iodáilis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht agus litríocht |
Suíomh oibre | An Róimh An Fhrainc |
Gairm | scríbhneoir leighis, iriseoir, dochtúir leighis, scríbhneoir scripte, péintéir, polaiteoir, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1923 – 1974 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach na hIodáile |
Ball de | |
Gluaiseacht | Ealaín chomhaimseartha |
Teangacha | An Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
|
Díbríodh Levi go hAliano, ós Giúdach a bhí ann a ghlac páirt i ngníomhaíocht na gluaiseachta rúnda frith-Fhaisistí. Bhain bochtanas na háite stangadh as, nó níor casadh a leithéid air riamh i dtuaisceart saibhir na tíre, arbh as dó, agus thug sé an-chur síos ar an mbochtanas seo sa leabhar. Nuair a foilsíodh Cristo si è fermato a Eboli, tharraing sé súil a lán daoine i dTuaisceart na hIodáile ar chomh bocht is a bhí deisceart na tíre, agus chomh tábhachtach is a bhí sé caighdeán maireachtála an deiscirt a ardú. Bhí tionchar nach beag ag an leabhar ar pholaitíocht iarchogaidh na hIodáile, mar sin.
Ní raibh gaol aige le Primo Levi, cé gurbh as Torino dó chomh maith leis an scríbhneoir eile.