Is sráidbhaile beag i gContae an Chabháin í Carraig an Tobair (Béarla: Crosskeys). Tá an baile suite 10 km taobh thoir theas de bhaile an Cabhán, agus is é an t-aon sráidbhaile i bparóiste an Dinn é. Tá cónaí ag tuairim is fiche duine sa sráidbhaile.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCarraig an Tobair

Suíomh

Suíomh cuir in eagar

Tá Carraig an Tobair suite ar an mbóthar a cheanglaíonn Baile Shéamuis Dhuibh leis an Chabháin ag domhanleithead 53° 55′ 8″ thuaidh, domhanfhad 7° 15′ 45″ thiar. Tá sé 115 m os cionn leibhéal na farraige. Ag féachaint i dtreo An Chabháin feictear Sliabh gCleath (320 m d'airde) tuairim is 4 km i gcéin.

Ainm cuir in eagar

Sna cnoic creagacha taobh thuaidh den tsráidbhaile, atá an t-ainm "Charlie's Rocks" orthu, tá tobar ann agus is ón tobar sin atá ainm an tsráidbhaile tógtha. Deirtear gur chaith Naomh Pádraig tréimhse anseo agus, dár le fínscéal áitiúil, nuair a bhí Pádraig ann chuir a chapall a chos ar cheann de na carraigeacha in aice leis an tobar le a leithéid de bhrú gur fhág lorg a chrú capaill ina dhiaidh.

Is é Crosskeys an t-ainm atá ar an sráidbhaile sa Sacsbhéarla. Cúpla céad bliana ó shin bhí clog gréine ann agus samhail dhá eochair air. Tugtar ainm an tsráidbhaile ón tsamhail sin.

Áiseanna cuir in eagar

Laistigh de theorainneacha an tsráidbhaile, tá scoil náisiúnta, trí tithe tábhairne agus ionad acmhainne. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1978 nuair a cónaisceadh dhá scoileanna a raibh sa pharóiste. Múineann seisear múinteoirí sa scoil. Is iad "The Carraig Springs", "The Crosskeys Inn" agus "The Den" na hainmneacha atá ar na tithe tábhairne. Tógann an chéad cheann díobh a ainm ón tobar céanna thuasluaite. Tá club oíche sa "Springs" gach deireadh seachtaine. Sna nóchaidí bhí tarraingt mór ag an "Springs" agus daoine ag teastail ó Granárd i gContae an Longfoirt, Ceanannas i gContae na Mí agus ó áiteanna éagsúla i gContae Fhear Manach chomh maith le gach áit i gContae an Chabháin ach feictear laghdú sna sluaite ar feadh na "náididí". Tá oifig an phoist an tsráidbhaile suite in aice leis an teach tábhairne sin.